Coregonus lavaretus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é  Coregonus lavaretus speiceas d’iasc an fhionnuisce geal, atá sa teaghlach Salmonidae. Is é an speiceas cineál a ghéineas Coregonus.[1]

Tá smaointe éagsúla mar gheall ar scaipeadh na speiceas Coregonus lavaretus, agus mar gheall ar líon na speiceas sa ghéineas Coregonus i gcoitinne.

Lavaret[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa chiall chúng, meastar go bhfuil Coregonus lavaretus, nó go simplí an lavaret, a bheith ceantrach sa Loch Bourget agus Loch Aiguebelette san abhantrach an Rhône sa Fhrainc. San am níos túisce bhí an lavaret flúirseach sa loch Geneva.[2] De réir an dearcadh seo tá líon mór de na speiceas éisc ghil i lochanna, aibhneacha agus uiscí goirt i Lár agus i dTuaisceart na hEorpa .[1]

Iasc geal na hEorpa (iasc geal coitianta)[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tríd is tríd, is é Coregonus lavaretus, curtha sias mar iasc geal coitianta nó iasc geal na hEorpa, atá le fáil i lár agus iarthuaisceart na hEorpa go dtí an tSibéir.[3] Is minic a dtugtar an t-ainm “lavaretus casta C” air, agus meastar é mar forghné. Cuimsíonn sé seo go leor gné na daonraí éisc a cheapann daoine eile a bheith srianta ar bhonn áitiúil (ina measc atá an caorthann Breataine agus an gwyniad nó an gravenche Alpach, comh maith le cruthanna "intralacustrine" éagsúla agus daonraí arb iad atá sainairíonna nósanna beathaithe éagsúla acu, uimhreacha gill raker, patrúin fáis agus iompar imirce. Tugann staidéir ghéiniteacha go bhfuil éagsúlacht an éisc geal, laistigh den choimpléasc, mar thoradh de bhunadh iar-oighreacha.[4]

Cur síos[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá éagsúlacht go leor i measc foirmeacha an éisc geal Eorpach. I gcoitinne tá comhlacht barrchaolaithe acu, giall uachtarach caol agus eite droma méithe atá gnách maidir leis an teaghlach bradán. Tá an smuit gearr ages barrchaolaithe, rud a idirdhealaíonn an speiceas ón dá speiceas Eorpacha Thuaidh eile, speicis Coregonus, agus speicis vendace (Coregonus albula) agus an Peled (Coregonus Peled) a bhí tugtha isteach. Tá giall meallach ag an chéad cheann agus sa dara ceann, is iad na géile atá comhfhad. Tá an droim gormach glas nó scothdhonn, na cliatháin geal liath agus an bolg bán. Is iad na heití dorcha liath. Fásann an t-iasc ar fhad go dtí thart ar 55cm; agus tá meáchan aige thart ar 2kg.[5]

Bitheolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cothíonn an t-iasc geal eorpach ar na dúilí tóin conaithe nó zóplanctón. Tógann na héisc níos mó, feithidí agus stuifíní agus gilidíní (bradán), ó dhromchla an uisce. Bíonn pórú ar siúl san fhómhar idir Meán Fómhair agus Samhain, den chuid is mó ag brath ar teocht an uisce. Is féadfar go mbeadh na daonraí difriúla, atá sna teascáiní céanna uisce, ag sceitheadh ag amanna éagsúla. Tagann said, lion a slua, i bhfarraigí agus lochanna, go dtí an abhainn chun sceitheadh a dhéanamh; fanann líon eile i lochanna nó san fharraige chun sceitheadh a dhéanamh.[5]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 "Coregonus lavaretus".
  2. Freyhof, J. & Kottelat, M. (2008).
  3. Froese, Rainer and Pauly, Daniel, eds. (2010).
  4. Østbye, K. (2005). "Evolutionary history of the European whitefish Coregonus lavaretus (L.) species complex as inferred from mtDNA phylogeography and gill-raker numbers". Molecular Ecology 14 (14): 4371–4387. doi:10.1111/j.1365-294X.2005.02737.x. PMID 16313599. 
  5. 5.0 5.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".