Copperas Cove, Texas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCopperas Cove, Texas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«The City Built for Family Living» Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmCity of Five Hills Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 31°07′11″N 97°54′06″W / 31.1197°N 97.9017°W / 31.1197; -97.9017
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheTexas
County of Texas (en) AistrighContae Coryell, Texas Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairContae Coryell, Texas, Contae Bell, Texas agus Contae Lampasas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán36,670 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús784.97 hab./km²
Líon na dteaghlach12,632 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla46.715107 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0.0055 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde333 m-1,093 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
25 Márta 1879
1913
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscomhairle agus city manager (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist76522 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód254 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincopperascovetx.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Copperas Cove an chathair is mó i gContae Coryell, Texas. Bhí 32,032 duine ina gcónaí in Copperas Cove sa bhliain 2010. Bunaíodh “Cove” (mar a thugtar go coitianta air) mar limistéar beag rainseoireachta agus feirmeoireachta in 1879 i réigiún na gCúig Chnoc. Tá an geilleagar ag brath go mór ar Fort Hood.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh na chéad iarsmaí daonna sna Cúig Chnoc chomh fada siar le 4,000 RCh ar a laghad. Fuarthas cnámha, reanna saighde agus uirlisí cloiche i leapacha abhann agus i dtóin na ngleannta. Bhí sealgairí fáin ina gcónaí ann agus iad ag leanúint na mbuabhall. Bhí na Tonkawa, treibh bheag, ann nuair a tháinig na Spáinnigh chun Texas, agus bhí na Comanche, treibh mhór fhoghach, le fáil i limistéar an-mhór thuaidh agus thiar. Chuaigh siad i ngleic leis na chéad lonnaitheoirí Eorpacha a tháinig ann.

Sean-oifig an phoist agus stad cóiste

In 1825 bhronn Meicsiceo limistéar mór ar Stephen F. Austin agus na Cúig Chnoc mar chuid de. Tháinig na chéad lonnaitheoirí ó na 1830idí amach, ach bhí lonnaíocht mhí-shocair ann go dtí tar éis Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Ní raibh mórán ann nó gur tháinig tionscal an eallaigh chun cinn sna 1870idí.

Tugadh spreagadh do Copperas Cove nuair a shroich an t-iarnród í in 1882. Bhí 600 duine ann faoi 1929 ach d’fhág an Spealadh Mór in ísle brí é. Sna 1930idí chlis an banc agus a lán siopaí agus d’imigh daoine ar lorg oibre.

In 1942 cuireadh Fort Hood ar bun in aice le Copperas Cove. Thug saighdiúirí a dteaghlaigh leo agus d’fhan a lán acu ann. Is iomaí gnólacht atá ag freastal orthu anois.[1]

Amharc ar an gcathair ó thuaidh

Timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Copperas Cove suite ar mhachaire aolchloiche i lár Texas. Samhradh te agus geimhreadh fionnuar a bhíonn ann, agus titeann báisteach san Earrach.

Barrithir thanaí bhriosc is mó atá ann agus í in ann mórán plandaí talmhaíocha a chothú, ach is furasta í a ídiú agus a chreimeadh. Bhíodh féar ard dúchasach ag fás ann agus é á ithe ag buabhaill, ag fianna agus ag an antalóp Meiriceánach (“pronghorn” - Antilocapra americana). De thoradh ró-innilte, glanadh talún agus bacadh tinte tháinig fiaile ionrach ina áit, mórán, in éineacht le crainn righne, leithéidí crainn darach, aiteal peann luaidhe agus méiscít.[1]

Tá an chuma bhruachbhailteach chéanna ar Copperas Cove is atá ar a lán bailte beaga a tháinig chun cinn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Tá an chuid is mó de na gnólachtaí le fáil feadh Bhóthar Mór 190 (U.S. Highway 190). Níl an oiread sin feirmeoirí agus rainseoirí fágtha san áit anois agus ní deacair talamh a fháil chun foirgnimh a thógáil.

Cúrsaí pobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Limistéar coimeádach atá ann i gcúrsaí polaitíochta agus vótálann formhór mór an phobail ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh i dtoghcháin stáit agus fheidearálacha.

Tá Central Texas College (CTC), coláiste sóisearach, suite taobh thoir de Copperas Cove in Killeen. Bronnann sé céimeanna dhá bhliain in eolaíocht ríomhaireachta, altramacht, iriseoireacht agus eile. Téann sé i bpáirt le Texas A&M-Central Texas, ollscoil a bhronnann céimeanna BA ceithre bliana agus a lán céimeanna máistreachta.[2]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 McLaughlin, Patrick D. and Jerry K. Smith. Copperas Cove, City of Five Hills: A Centennial History. Burnet, TX: Eakin Press, 1980.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-18. Dáta rochtana: 2020-03-19.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chamber of Commerce