Copail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Maidir le teangeolaíocht, is éard atá i gcopail focail a nascann an t-ainmní in abairt le faisnéis (comhlánú ainmnithe nó dobhriathar). Cé nach gcuireann sé féin aon ghníomh nó coinníoll in iúl, comhcheangalaíonn sé an ainmní le faisnéis atá gan aon tacaíocht aige féin ón abairt.

Úsáidtear an chopail ar shlite difriúla i dteangacha éagsúla.

I mBéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an chopail go minic as Béarla san aimsir láithreach: mar shampla, is féidir "Bob is running" a rá in áit "Bob runs", an leagan a úsáideann an gnáthbhriathar.

Sa Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá fhoirm bhunúsacha ag an mbriathar a thagraíonn do "bheith" i nGaeilge. Úsáidtear an ghnáthfhoirm, .i. , le tagairt a dhéanamh do stádas éigin sealadach. Úsáidtear an chopail le tagairt a dhéanamh do stádas nach n-athraíonn de ghnáth; m.sh. is fear mé, is Albanach í. San aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach tá an fhoirm ba ag an gcopail.

"Tá sé fear"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an abairt Tá sé fear anseo mar shampla de dhá bhotún bhunúsacha a dhéanann foghlaimeoirí na Gaeilge go minic.

  1. Ba chóir an chopail a bheith in úsáid, mar gur stádas buan é gur fear é.
  2. ord na bhfocal mícheart. Tá ceart na Gaeilge le haithint ar is fear é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]