Conspóidí a bhaineann le físchluichí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iomaí conspóid a bhaineann le físchluichí: an tionchar a bhíonn ag físchluichí ar an duine agus ar an tsochaí, srl. Is minic a cháintear agus breathnaítear ar imirt rialta na bhfíschluichí mar rud míshláintiúil.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le taighde sa bhliain 2024, is féidir aird agus cuimhne a fheabhsú trí fhíschluichí a imirt.[1] Rinne Saotharlann Taighde Eolaíochta Lero Esports in Ollscoil Luimnigh taighde a chruthaigh go raibh aird agus cuimhne fheabhsaithe ag cluichirí. Ghlac 88 aosach óg páirt sa staidéar a foilsíodh sa British Journal of Psychology, de chuid Chumann Síceolaíochta na Breataine. Leath acu a d’imir físchluichí go rialta, agus an leath eile nár imir. Bhí ar rannpháirtithe an taighde trí thasc a dhéanamh; tástáil ar an am freagartha, freagairt ar mheascáin uimhreacha agus meascáin litreacha chun feidhm feidhmiúcháin a mheas, agus tasc lúbra chun díriú ar an chuimhne.[2]

Fuarthas amach go raibh na cluichirí rialta in ann an tasc uimhirlitreach agus an tasc lúbra a chríochnú 13% agus 17% níos gaiste faoi seach ná na neamhchluichirí.

Dúirt an Dr Adam Toth ó Ollscoil Luimnigh, atá ina údar ar an taighde, “Is minic a cháintear agus a bhreathnaítear ar imirt rialta na bhfíschluichí mar rud míshláintiúil, ach léiríonn ár dtaighde gur féidir go bhfuil buntáistí cognaíocha áirithe ag cluichirí thar an bpobal i gcoitinne, go háirithe iad siúd a bhaineann le haird agus le cuimhne.”

Rinne an taighde imscrúdú freisin ó dhearcadh eile - an bhfuil cluichirí in ann seasamh in aghaidh na tuirse cognaí níos fearr ná an pobal i gcoitinne. Fuair na taighdeoirí amach gur bhraith na cluichirí agus na neamh-chluichirí a gcuid feidhmíochta ag laghdú ag an ráta céanna, gan aon difríocht shuntasach le feiceáil i leibhéal na tuirse cognaí a bhí orthu.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lero (2024). "Is féidir aird agus cuimhne a fheabhsú trí fhíschluichí a imirt" (ga-IE). lero.ie. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  2. Conor Torbóid (2024-03-25). "Ar inis ár dtuistí bréag dúinn faoi fhíschluichí?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  3. Mark J. Campbell, Sarah C. Cregan, John M. Joyce, Magdalena Kowal, Adam J. Toth (2023-12-23). "Comparing the cognitive performance of action video game players and age‐matched controls following a cognitively fatiguing task: A stage 2 registered report" (as en). British Journal of Psychology. doi:10.1111/bjop.12692. ISSN 0007-1269. 
  4. "Video game" (as en) (2024-03-21). Wikipedia.