Conall Mac Eochagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConall Mac Eochagáin
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Lios Maighne, Maigh Chaisil,[1] Contae na hIarmhí

Staraí Éireannach ab ea Conall Mac Eochagáin[2] (a rugadh sa 16ú haois agus a fuair bás idir 1627-1640idí).[3] 

D’aistrigh sé Annála Chluain Mhac Nóis go Béarla, aistriúchán a bhfuil tábhacht ag gabháil leis toisc an bunshaothar a bheith caillte.[4] I dtús an 17ú haois ba nuacht a leithéid a dhéanamh.

Chuir Mac Eochagáin críoch leis an saothar ar 20 Aibreán 1627 i gcaisleán Liath Mancháin[5] in aice le Clóirtheach in Uíbh Fhailí.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Niall (a d’éag 1596) athair Chonaill, agus ba é a sheanathairsean, Connla (d’éag 1 Feabhra 1588), a bhí ina thaoiseach ar Chineál Fhiachach.[6] Dúradh gur shíolraigh an teaghlach ó Fhiacha, deartháir Laoghaire, rí na Teamhrach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lismoyny" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  2. Conaill Mac Eochagáin, Conall MacGeoghegan, Conall Mac Geoghegan srl
  3. "Mageoghegan (Mac Eochagáin), Conall | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  4. Diarmuid Breathnach; Máire Ní Mhurchú (ainm.ie). "MAC EOCHAGÁIN, Conall (fl. 1620 - 1640 )". 
  5. "Liath Mancháin/Lemanaghan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  6. Pól Breathnach (1932). "Notes on two Mageoghegans". Irish Book Lover.