Conair Chósta na Breataine Bige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Conair Chósta na Breataine Bige

Íomhá
Sonraí
CineálCosán agus díol spéise do thurasóirí
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinan Bhreatain Bheag, Ríocht Aontaithe
Map
 52°23′N 4°00′W / 52.39°N 4°W / 52.39; -4
Lógó sliogáin Chonair Chósta na Breataine Bige


Conair ainmnithe fhad-achair a leanann, nó a ritheann gar do chósta na Breataine Bige is ea Conair Chósta na Breataine Bige (Breatnais:Llwybr Arfordir Cymru).[1] Seoladh an chonair sa bhliain 2012, agus tá an cosán 1400 km ar fhad agus luadh é mar an chéad chosán cósta tiomnaithe ar domhan a chlúdaigh fad iomlán chósta tíre. Ritheann an chonair chósta trí aon cheann déag de na tearmann dúlra náisiúnta agus tearmainn dúlra eile cosúil leo siúd atá á mbainistiú ag an gCumann Ríoga um Chosaint Éan agus na nIontaobhais Fiadhúlra.[2]

Suíomh tosaithe agus críochnaithe Chosán Cósta na Breataine Bige agus (mimír intlise) an Bhreataine Bheag sa Ríocht Aontaithe
Marcálann an dá philéar cloiche le hais Afon Dyfrdwy, ceann thuaidh Chonair Chósta na Breataine Bige
Marcálann an chloch ag Cas-gwent le lógó “sliogán dragain” deireadh na conaire, ar cheann theas Chonair Chósta na Breataine Bige

Stair agus forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nocht an Príomh-Aire Rhodri Morgan pleananna don chonair chósta nua don Bhreatain Bheag ar dtús i Meitheamh 2006, nuair a d’oscail sé an bealach 201 km timpeall Ynys Môn. Bhíothas ag súil go dtógfadh an tionscadal seo, a chuirfeadh feabhas ar rochtain agus a nascfadh cosáin atá ann cheana, suas le cúig bliana; tá sé níos gaire do sheisear.[3] Forbraíodh an smaoineamh don chonair ón mhian gur fiú go mór é tógáil ar rath eacnamaíoch na dtionscadal "Cosán Cósta Sir Benfro (Breatnais:Llwybr Arfordir Sir Benfro)" [4] agus "Conair Chósta Ynys Môn (|Breatnais: Llwybr Arfordirol Ynys Môn.)[5] Measadh go raibh an dá chonair ag cur go mór le geilleagar cuairteoirí na Breataine Bige, agus i dteannta le tairbhí airgeadais, chonacthas é mar thionscnamh tábhachtach chun muintir na háite agus cuairteoirí a spreagadh chun spásanna lasmuigh a fháil amach agus taitneamh a bhaint astu, maille na tairbhí sláinte agus leasa a bhaineann le cosáin den sórt sin.

Seoladh Llwybr Arfordir Cymru go hoifigiúil an 5 Bealtaine 2012. Níos luaithe sa bhliain chéanna, thug an Lonely Planet an rátáil is fear don Chonair sa rannóg "Best in Travel: top 10 regions for 2012."[6]

D'fhorbair Rialtas na Breataine Bige Llwybr Arfordir Cymru i gcomhpháirtíocht le hiar-Chomhairle Tuaithe na Breataine Bige, (Cyngor Cefn Gwlad Cymru),le sé údarás áitiúla déag, agus le dhá Pháirc Náisiúnta. Ón bhliain 2007, tá infheistíocht déanta ag Rialtas na Breataine Bige chun rochtain phoiblí ar chósta na Breataine Bige a fheabhsú trína Chlár Feabhsúcháin Rochtana. Chomh maith leis an maoiniú seo de thart ar £2 mhilliún in aghaidh na bliana ó Rialtas na Breataine Bige agus ó údaráis áitiúla an chósta, tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tar éis beagnach £ 3.9 milliún a leithdháileadh thar trí bliana mar thaca leis an tionscadal.[7][8]


Rinne Comhairle Tuaithe na Breataine Bige (Cyngor Cefn Gwlad Cymru (CCGC)) maoirseacht ar an tionscadal agus dúirt sí go leanfaí le feabhsúcháin ar cháilíocht agus ar ailíniú an bhealaigh le linn 2012 agus 2013 lena chinntiú go leanann an Conair cósta na Breataine Bige chomh gar agus atá sé sábháilte agus praiticiúil. Tá feabhsúcháin ag dul ar aghaidh ó shin, le n-áirítear fáil réidh le 10 míle malairt slí intíre tar éis oscailt an droichid atógtha "Pont Briwet" atógtha Gwynedd sa bhliain 2015 [9] agus cruthú ceart slí nua idir Y Felinheli agus Bangor sa bhliain 2018.[10]

Le himeacht aimsire, táthar ag súil go gcruthófar bealaí ciorclach cósta mar thoradh ar an gcosán críochnaithe, de réir mar a fheabhsófar naisc le bailte agus sráidbhailte intíre.[11]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arna ainmniú mar an chéad chosán cósta ar domhan chun tír iomlán a chlúdach, leanann Conair Chósta na Breataine Bige cósta na Breataine Bige ó Cas-gwent, Sir Fynwy, sa deisceart go Y Fferi Isaf, Sir y Fflint, sa tuaisceart. Bhí cosáin bunaithe cheana féin ag go leor codanna, mar Llwybr Arfordir Sir Benfro, agus Llwybr Arfordirol Ynys Môn agus Llwybr Arfordir Llŷn. Ba Chonair Náisiúnta ainmnithe é Llwybr Arfordir Sir Benfro, agus sa bhliain 2011 vótáil an iris National Geographic é mar an dara ceann scríbe cósta is fearr ar domhan.[12][13]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ceisteanna Coitianta. https://www.walescoastpath.gov.uk/working-with-us/frequently-asked-questions/?lang=en
  2. www.firstnature.com - wales Coast Path . Retrieved 2 January 2012.
  3. BBC Website - All-Wales coastal path proposed . Retrieved 2 January 2012.
  4. National trails: Pembrokeshire Coast Path Curtha i gcartlann 2013-08-17 ar an Wayback Machine. Retrieved 21 December 2012.
  5. Anglesey Coastal Path Curtha i gcartlann 2013-01-19 ar an Wayback Machine Retrieved 21 December 2012.
  6. Lonely Planet - Lonely Planet’s Best in Travel: top 10 regions for 2012. Retrieved 2 January 2012.
  7. Welsh Government website - Coastal Access Curtha i gcartlann 2014-12-05 ar an Wayback Machine. Retrieved 2 January 2012.
  8. The Long-Distance Walkers Association - Wales Coast Path. Retrieved 5 January 2012.
  9. Dillon, Paddy (2015). "The Wales Coast Path". Kendal: Cicerone Press. 
  10. North Wales Daily Post. New footpaths on Wales Coastal Path and Snowdon open for walkers https://www.dailypost.co.uk/whats-on/trips-breaks/new-footpaths-wales-coastal-path-15272978
  11. Capital Wales - News Retrieved 5 January 2012
  12. www.NationalTrails.co.uk - news article Curtha i gcartlann 2011-06-28 ar an Wayback Machine. Retrieved 29 December 2011.
  13. Wales Online. Pembrokeshire Coast Path walks off with accolade of being one of world's top trails. http://www.walesonline.co.uk/news/wales-news/pembrokeshire-coast-path-walks-accolade-1815341 .