Comhleanúnachas
Appearance
Sa bhfisic, an gaol idir tonnta. Deirtear go bhfuil dhá thonn den mhinicíocht chéanna comhleanúnach má fhanann a ndíláithrithe coibhneasta tairiseach thar am, is é sin, má bhíonn tonn amháin chun tosaigh ar an gceann eile ag nóiméad amháin agus más ionann an scéal nóiméad éigin níos déanaí. I dtonnta mar sin, bíonn uillinn thairiseach pais eatarthu, agus bíonn siad ar comhchéim. Bíonn solas léasair comhleanúnach, ach ní mar sin do sholas ó ghnáthbholgán, a bhíonn neamh-chomhleanúnach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhleanúnachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |