Comhdháil Wannsee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil Wannsee
Íomhá
Map
 52°25′59″N 13°09′56″E / 52.433055555556°N 13.165555555556°E / 52.433055555556; 13.165555555556
Cineálcomhdháil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana20 Eanáir 1942 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVilla Marlier, An Ghearmáin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Am Großen Wannsee nó Villa Marlier[1]

Reáchtáladh Comhdháil Wannsee ar 20 Eanáir 1942 chun bearta agus gníomhartha an SS, na ranna rialtais agus roinnt áisíneachtaí eile a chomhordú d'fhonn dlús a chur le cinedhíothú na nGiúdach, a bhí faoi smacht na Naitsithe agus a gcuid comhghuaillithe.[2][3]

Bhí RSHA SS-Obergruppenführer Reinhard Heydrich i gceannas uirthi. Dlíodóirí ab ea ochtar den chúigear déag a ghlac páirt sa chruinniú

  • Bühler, thar ceann Rialtas Ginearálta na Polainne;
  • Freisler, thar ceann Aireacht an Dlí agus Cirt;
  • Klopfer, thar ceann an Pháirtí Naitsíoch;
  • Kritzinger, thar ceann Sheansailéireacht an Reich;
  • Lange agus Schöngarth, thar ceann an SS agus na seirbhísí um shlándáil an stáit;
  • Meyer, thar ceann na hAireachta um na Críocha san Oirthear faoi Fhorghabháil;
  • Stuckart, thar ceann Aireacht na nGnóthaí Baile.

D'éag triúr acu roimh dheireadh an chogaidh: Freisler, Lange agus Meyer (féinmharfóir); ciontaíodh Bühler agus Schöngarth i gcoireanna cogaidh agus crochadh iad (i 1948 agus i 1946 faoi seach).[2]

Ciontaíodh Stuckart (a bhí i measc na dteoiricithe Naitsíocha ní ba thábhachtaí maidir lena gcuid polasaithe agus gníomhartha in aghaidh na nGiúdach) mar chuid de Thriail na nAireachtaí, ach gearradh 'seal caite' air agus scaoileadh é sa bhliain 1949.

Thug Kritzinger fianaise i dTrialacha Nurnberg agus dúirt sé go raibh náire air faoi na gníomhartha faoi chaibidil i Wannsee. Fuair sé bás sa bhliain 1947, gan aon chúis choiriúil a chur ina leith. Níor cuireadh aon chúis maidir le coireanna cogaidh i leith Klopfer mar gheall ar easpa fianaise agus atosaigh sé ag dlíodóireacht sa bhliain 1956. Fuair sé bás sa bhliain 1987 agus é bliain is ochtó d'aois.[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • „Die Teilnehmer: Die Männer der Wannsee-Konferenz“ a cuireadh in eagar ag Hans-Christian Jasch agus Christoph Kreutzmüller. Tá aistriúchán Béarla le Charlotte Kreutzmüller-Hughes agus Jane Paulick — "The Participants: The Men of the Wannsee Conference" (Berghahn Books, 2017).[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Villa de Wannsee" (as fr) (2021-02-19). Wikipédia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Comhdháil Wannsee". Dáta rochtana: 2022.
  3. Léirmheas. Comhar 75 (3), 28-30. Caitríona Ní Chléirchín, 1 Márta 2015
  4. Charlotte Kreutzmüller-Hughes, Jane Paulick (2017). "The Participants: The Men of the Wannsee Conference". Berghahn Books.