Comhbhuainteoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Físeán drone de chomhbhuainteoir 2022

Meaisín talmhaíochta a bhaineann, a bhuaileann is a ghlanann gach saghas arbhair, olashíl is glasraí pischineálacha. Bíonn an chuid is mó de na meaisíní seo féinfhuinnmhithe is feistithe chun gráinne is síol a láimhseáil ar an mórchóir. Cuingríonn an meaisín 4 fheidhm: baineann is bailíonn sé an barr, buaileann an síol ón dias, scarann an síol ón tuí, agus glanann an síol ón lóchán, síolta fiailí is ábhair eile nach bhfuil ag teastáil. Tá dhá phríomhshaghas comhbhuainteora ann: an ceann is coitianta atá bunaithe ar dhruma is meicníocht chuasach buailte, agus an saghas le sreabhadh aiseach atá in ann rátaí oibre níos airde a bhaint amach, atá níos oiriúnaí do chúinsí tirime mar a fhaightear i réigiúin mhóra de na Stáit Aontaithe. Baintear feidhm as buainteoirí foráiste chun féar is barra eile le haghaidh bia ainmhithe a ghearradh is a bhailiú, roimh iad a mhionghearradh is a shéideadh i leantóirí le taobhanna arda.[1]

Comh-bhuainiche fein-iomainichte: Leth-shealladh air an druim-loidhne
1) Ruidhle
2) Gad Chorragach
3) Bidhis trusaidh
4) Bann togail
5) Glac na cloiche
6) Druma Bualaidh
7) Ciste bualaidh
8) Carraigeach Fhodair
9) Bord sìle
10) Dallan
11) Criathar Uachdar
12) Criathar Iochdar
13) Bann muill
14) Ath-bhualadh na muill
15) Bidhis Gràine
16) Trabhailt Gràine
17) Gearradair Muill
18) Bothag an Stiureadair
19) Caradair
20) Bidhis Libhrigidh
21) Iomaineach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhbhuainteoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.