Comharbas fásra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comharbas fásra

Teacht chun cinn plandaí éagsúla de réir oird ar láthair áirithe thar thréimhse. Mar shampla, i lochán, coilíníonn fásra uisciúil ar snámh é de réir a chéile. Le himeacht ama líonann sé le dríodar, éiríonn an t-uisce níos tanaí, agus tagann plandaí fréamhaithe cosúil le giolcach is cíob le bheith bunaithe. Ar deireadh, triomaíonn an lochán agus coilíníonn toim is crainn an láthair.