Jump to content

Colm imirce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoColm imirce
Ectopistes migratorius Cuir in eagar ar Wikidata

ainmhí gafa Cuir in eagar ar Wikidata  
Sonraí
Fad32 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas díofa, (1914)
AICD22690733 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdColumbiformes
FineColumbidae
GéineasEctopistes
SpeiceasEctopistes migratorius Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1766
Léarscáil de raon an tacsóin
Cuir in eagar ar Wikidata

Cineál colm fadeireaballach a bhí sa cholm imirce agus é tar éis dul in éag.[1] Bhíodh sé an-choitianta in oirthear Mheiriceá Thuaidh agus na milliúin éan ag teacht le chéile in ealtaí móra millteanacha. Ba ghnách don cholm seo a chuid neadacha a thógáil thuas sna crainn, agus dá réir sin ba iad na coillte a rinne gnó na gnáthóige dó. Mar is léir ón ainm, dhéanadh an colm seo imirce: thagadh na héanacha ó Arkansas, Tennessee, agus Carolina Thuaidh go Florida, Cósta Mhurascaill Mheicsiceo, agus Texas, ach d'fheictí éanacha den chineál seo ag caitheamh an gheimhridh chomh fada ó thuaidh agus i gConnecticut.

Bhíodh bundúchasaigh Mheiriceá ag seilg an choilm seo le fada an lá sular tháinig na hEorpaigh go Meiricea, ós bia maith a bhí ann, ach ba iad an dara dream a thosaigh ag marú na n-éan seo chomh tiubh is go ndeachaigh siad in éag. Bhí na sealgairí bundúchasacha ag seachaint na n-éan fásta, ó bhí siad buartha go dtráfadh foinse seo an scamhaird dá dtréigfí na neadacha. Ní raibh na coilínigh ón Eoraip chomh scrupallach sin. Chomh líonmhar is a bhí na coilm seo, áfach, is ar éigean a rithfeadh le haon duine i dtús na naoú haoise déag go bhféadfaidís dul in éag ar aon nós.

Maraíodh an t-éan deireanach sa timpeallacht nádúrtha thart faoin mbliain 1894, agus fuair an ceann deireanach ar fad bás i zú Cincinnati i 1914.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Falcóg mhór

  1. “Ectopistes migratorius” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Colm imirce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 161.