Colm Mac Confhaola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Mac Confhaola

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1945
78/79 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir úrscéalta Gaeilge is ea Colm Mac Confhaola[1] agus saothar foilsithe aige ó cuireadh a chéad leabhar i gcló i 1997 go dtí an lá atá inniu ann.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Colm in Inis Córthaidh i Loch Garman sa bhliain 1945. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge óna athair agus óna ghaolta sa Ghaillimh. Daragh an t-ainm a bhí ar a athair agus bhí tionchar ollmhór aige ar a mhac. Rugadh agus tógadh Daragh i gConamara. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea é. Bhog sé go dtí Loch Garman agus is ansin, sa cheardscoil, a thosaigh sé ag múineadh Gaeilge agus na cuntasaíochta. Is é Daragh a spreag grá don Ghaeilge ina mhac agus ba nós le Colm, agus é ag fás aníos, a chuid laethanta saoire a chaitheamh i gConamara agus é ag cur lena shaibhreas Gaeilge.[2]

Is mar mhúinteoir i bPobailscoil na Grainsí i Ros Mhic Thriúin, Loch Garman, a chaith Colm cuid dá shaol. Ba mhúinteoir Gaeilge agus ealaíne é. Chas sé ar an scríbhneoireacht agus é meánaosta. D’fhoilsigh sé a chéad leabhar, Ceol an Phíobaire i 1997. Is mó duais atá buaite ag Ó Confhaola dá chuid saothair litríochta, rud a léiríonn an bua atá aige mar scríbhneoir. Anuas air sin tá suim aige sa drámaíocht agus chum sé an dráma Faolchoin na Saoirse[3]. An leabhar deireanach atá foilsithe aige ná an leabhar ficsin, Smacht[4].

Oibríonn Colm mar theangeolaí Gaeilge le foireann eTeams[5]. Is córas é eTeams a chuireann seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil. Oibríonn Colm Mac Confhaola mar aistritheoir Gaeilge laistigh don chomhlacht.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Foilsíodh Ceol an Phíobaire ag Coiscéim i 1997. Tugann an t-úrscéal seo léargas ar Réabhlóid 1798 i Loch Garman.Tosaíonn an leabhar i samhradh 1793. Insíonn an sagart an scéal agus tugann sé cuntas cruinn ar an bhfulaingt a bhí i Loch Garman le linn réimeas Chromail. Insíonn sé a scéal pearsanta féin chomh maith agus tugann an sagart cuntas ar an am a chaith sé i bPrág agus sa Róimh mar dhíbeartach. Tá an saothar roinnte suas i 45 caibidil agus tá gluais le fáil ag deireadh an leabhair.
  • Foilsíodh Cogadh ‘gus Cathú (Coiscéim) sa bhliain 2003. Is úrscéal stairiúil an leabhar seo atá bunaithe in Éirinn sna 1600dí.

Titeann sagart i ngrá le bean i bPort Láirge. Déanann sé iarracht an grá seo a chur uaidh agus de bharr sin téann sé go dtí Loch Garman. Is ansin a ghlacann sé páirt in Éirí Amach 1641. Ina dhiaidh sin téann sé ag taisteal. Is san Iodáil atá sé nuair a chloiseann sé scéal go bhfuil mac aige i bPort Láirge.

  • Úrscéal scéinséara atá sa leabhar seo, Díoltas Millteach Scoir. D’fhoilsigh Coiscéim an leabhar i 2007. Taistealaíonn an príomhcharachtar ón Eoraip go dtí an Meánoirthear. Scéal grá atá ann a phléann téamaí conspóideacha an lae atá inniu ann.Tá Dónall Ó Dubhghaill i ngrá agus tá sé ag tnúth le filleadh abhaile óna phost san Araib Shádach chun an bhean lena bhfuil sé ag siúl amach a phósadh. Tagann fadhb roimhe áfach. Tá sé ar intinn ag eagraíocht rúnda galar dainséarach a scaipeadh trí thíortha an Iarthair chun díoltas a bhaint as an eagóir atá á himirt ar Mhoslamaigh an domhain. Mura gcuireann Dónall deireadh leis an bplean seo ní fada go mbeidh tionchar ag an ngníomh ar a shaol pearsanta féin.[6]
le Colm Mac Confhaola. Clúdach an leabhair
  • D’fhoilsigh Coiscéim, Baile Átha Cliath an t-úrscéal Aoibhinn Beatha an Scoláire i 2010. Tugann an t-údar léargas cruinn ar shaol an scoláire agus na fadhbanna a bhíonn aige. Anuas air sin, nochtann sé an choiriúlacht a thiteann amach i mBaile Átha Cliath. Bogann grúpa mac léinn go dtí teach i mBaile Átha Cliath agus iad réidh chun bliain nua a thosú sa choláiste. Is minic a chruthaítear teannas idir na mic léinn fad is a chónaíonn siad sa teach. Bíonn brú ar chuid acu ó thaobh obair an choláiste de agus brú ar dhaoine eile nuair a thiteann siad i ngrá le daoine nach mothaíonn an tslí chéanna. Oíche amháin, feiceann duine do na mic léinn fear á mharú ag grúpa díolta drugaí. Glaoitear ‘An Fiaclóir’ ar cheannaire an ghrúpa sin agus teastaíonn uaidh an mac léinn a chonaic an marú a ghabháil.[7][[File:Aoibhinn Beatha an
  • Foilsíodh Smacht i 2013 ag Leabhar Breac. Úrscéal do dhéagóirí a thugann léargas don léitheoir ar fhadhbanna sóisialta na hÉireann. Is baill de chlann mhífheidhmiúil í an déagóir Rós. Fuair beirt deirfiúracha le Rós bás nuair a chuaigh an teach trí thine. Toitíní agus an t-ól a thosaigh an tine. D’fhág Rós agus a tuismitheoirí an ceantar agus téann siad chun cónaí i dteach comhairle. Buaileann Rós le Cormac sa scoil nua agus tugtar le fios dúinn go bhfuil a fhadhbanna féin ag Cormac. Léiríonn an leabhar fadhb na bulaíochta agus an tslí ina dtéann Rós i ngleic léi. Teastaíonn uaithi go mbeidh struchtúr agus áthas ina saol agus téann sí á lorg.Fite fuaite le scéal Rós, pléann an t-údar scéal an mhúinteora atá idéalaíoch agus na dúshláin atá le sárú aige sa scoil, agus scéal an tsagairt atá gafa leis an ól. “Scéal corraitheach scanrúil a dhéanann léiriú údarásach ar réimse leathan d’fhadhbanna sóisialta agus síceolaíochta an tsaoil. Sampla cumasach é seo den réalachas sóisialta a mhúsclaíonn trua, déistin agus fearg sa léitheoir, agus a thugann lón machnaimh dó san am céanna.” —Moltóir, Oireachtas 2012 [8]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010 bhuaigh Colm Mac Confhaola an dara duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais don scríbhneoir fásta i gcomhair an leabhair Aoibhinn Beatha an Scoláire.[9]

Bhuaigh Ceol an Phíobaire agus an dráma Faolchoin na Saoirse duais Oireachtais chomh maith.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ireland Literature, [1] Curtha i gcartlann 2014-03-01 ar an Wayback Machine, Aoibhinn Beatha an Scoláire, 19
  2. Enniscorthy Guardian, "Wexford author's epic work in Irish", Enniscorthy Guardian, 2007 (en)
  3. An Comhlachas Nasiúnta Dramaíochta, "Leabharlann Thagartha", Foras na Gaeilge, 2013
  4. "Smacht" Curtha i gcartlann 2014-04-13 ar an Wayback Machine, Leabhar Breac, 2013
  5. eTeams, "Oireachtas na Gaeilge" Curtha i gcartlann 2014-06-02 ar an Wayback Machine, 2010
  6. "Díoltas Millteach Scoir" Curtha i gcartlann 2015-06-02 ar an Wayback Machine, An Siopa Gaeilge, 2013
  7. Coiscéim, [www.coisceim.ie/aoibhinn.html "Aoibhinn Beatha an Scoláire"], 2010
  8. Leabhar.ie, "Smacht"[nasc briste go buan],2012
  9. "Buaiteoirí Comórtais Liteartha 2010" Curtha i gcartlann 2012-09-14 ar an Wayback Machine, Oireachtas na Gaeilge, 2010
  10. Leabhar Breac, "Smacht" Curtha i gcartlann 2014-04-13 ar an Wayback Machine,2013