Colm Cúipéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Colm Cooper)
Infotaula de personaColm Cúipéir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Meitheamh 1983
40 bliana d'aois
Cill Airne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bhréanainn, Cill Airne Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.83 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
2000- Dr Crokes GAA (en) Aistrigh
2002-2017 Foireann Sinsir Peile Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Peileadóir is ea Colm Cúipéir (Béarla: Colm "Gooch" Cooper) a rugadh ar an 3 Meitheamh 1983. Is as Contae Chiarraí é. Imríonn sé le foireann Chiarraí. Tugtar "Gooch" air mar leasainm.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Cooper ag imirt le foireann Chiarraí sa bhliain 2002, agus bhuaigh se gradam All-Star an bhliain sin. Bhuaigh “Gooch” corn na hÉireann don chéad uair sa bhliain 2004 agus bronnadh All-Star air arís. Chaill Ciarraí an cluiche ceannais an bhliain ina dhiaidh sin ach in ainneoin sin fuair Cooper gradam All-Star.

Bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais 2006. Sa bhliain 2007, bhuaigh siad craobh na hÉireann arís agus b'All-Star é Cooper. D'imir siad sa chluiche ceannais don chúigiú bliain as a chéile sa bhliain 2008 ach bhuaigh Tír Eoghain orthu.

Sa bhliain 2009, ní raibh Cooper ag imirt ag barr a réime ag tús na bliana. Bhí sé réasúnta ciúin sna cluichí i gCraobh na Mumhan, agus ansin fágadh seisean agus Tomás Ó Sé ar an taobhlíne don chluiche in aghaidh Aontroma. Tháinig sé chun solais gurb é pionóis a bhí i gceist, ós rud é go raibh an bheirt acu amach ar an ól tar éis chluiche amháin eile. Mar sin féin, seoladh chun pháirc é níos déanaí sa chluiche, áfach, agus bhí páirt lárnach aige i mbua na Ríochta ar an lá seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh ceacht foghlamtha ag Cooper, agus chruthaigh sé an méid sin le taispeántas thar barr in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chéad chluiche eile. D'aimsigh sé cúl cinniúnach go luath ar an lá seo, agus chríochnaigh sé an cluiche le 1-08. Bhí bua ollmhór ag an Ríocht, le seacht gcúilín déag le spáráil i ndeireadh na dála.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]