Colm Ó Ceallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Ó Ceallaigh
Beathaisnéis
Breith1928
Camas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2017
88/89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí Gaeilge as Camas ó dhúchas ab ea Colm Ó Ceallaigh (1928–2017). Cháiligh sé mar mhúinteoir sa bhliain 1949 agus chaith sé blianta ag múineadh scoile i Leitir Mealláin. D'éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 1985, agus tá sraith mhaith leabhar scríofa aige ó shin. Ina measc tá leabhar gearrscéalta, Clann na Feannóige. Rinne sé roinnt mhaith taistil, rud a thug inspioráid dó Sclábhaíocht, Deoir Ghoirt an Deoraí, Meilt Mhuilte Dé agus Brídín a scríobh. Tá Éiric Fola bunaithe ar aimsir na bPéindlíthe.

Scríbhneoir soléite é Colm Ó Ceallaigh, agus é ag cur sceitimíní ar an léitheoir leis an scéalaíocht bhreá líofa is dual dá chuid leabhar. Is í an imirce príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, agus é go minic ag insint faoin gcineál eachtraí a bhain do na Gaeil san Oileán Úr agus i Sasana.