Colgán na ndealg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoColgán na ndealg
Istiophorus Cuir in eagar ar Wikidata
Istiophorus platypterus.jpg
Istiophorus platypterus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
RangActinopteri
OrdIstiophoriformes
FineIstiophoridae
GéineasIstiophorus Cuir in eagar ar Wikidata
Lacépède, 1801

Iasc mór aclaí, dáilte go forleathan in uiscí dromchlacha oscailte na n-aigéan is ea Colgán na ndealg (géineas Istiophorus). Tugtar gaithiasc, mairlín, nó iasc seoil air freisin. Suas le 3.5 m ar fhad. Liathghorm ar barr, geal-liath faoina bhun. Aithnítear go héasca é as an eite fhada ard droma. Itheann sé éisc is scuideanna. An-luachmhar mar iasc iontach spóirt, agus gabhtar go trádálach i réigiúin áirithe é.