Coláiste Mhuire
Coláiste Mhuire | |
---|---|
![]() | |
Mana | Pro deo Pro Patria Laidin (Ar son Dé, ar son na Tíre) |
Bunaithe | 1931 |
Áit | Bóthar Ráth Tó, An Chabrach, Baile Átha Cliath, Éire |
Mic Léinn | ? |
Cathaoirleach Príomhoide |
Annraoi Ó Beolláin[1] Tomás Ó Murchú[2] |
Gréasán | http://www.colaistemhuire.ie/ |
Is bunscoil agus meánscoil lán-Ghaelach de chuid na mBráithre Críostaí é Coláiste Mhuire. Tá sé suite ar Bhóthar Ráth Tó sa Chabrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath faoi láthair, cé go mbíodh sé lonnaithe ag Cearnóg Pharnell ar feadh na mblianta fada suas go dtí 2003.[3] Bunaíodh an scoil ar dtús sa bhliain 1931 in Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Ach bogadh í go Cearnóg Pharnell go gairid ina dhiaidh sin sa bhliain 1933. Is é mana na scoile ná Pro Deo Pro Patria (Ar son Dé, ar son na Tíre).[4]
Bunú an Choláiste[cuir in eagar | athraigh foinse]
Osclaíodh an Coláiste ar 5 Deireadh Fómhair 1931 ar dtús, in Uimhir 6 Sráid Fhearchair ar an taobh theas den chathair. Ba é an Br. M.R. Ó Tatháin an chéad phríomhoide ag an scoil nua. Ocht nduine dhéag de bhuachaillí a bhí i láthair ar an gcéad lá. Bogadh é go 25 Cearnóg Pharnell ar an taobh thuaidh sa bhliain 1933. D'fhán an Coláiste ag an ionad sin ar feadh seachtó bliain.
Imeacht na mBráithre[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhág na Bráithre deireanacha an coláiste sa bhliain 1993. Tá siad ina n-iontaobhaithe ag an scoil go fóill ach níl aon duine acu fágtha san fhoireann teagaisc.
Imeacht ó Chearnóg Pharnell[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba ghá don choláiste an t-áitreabh ag cearnóg Pharnell a fhágáil sa bhliain 2003, mar gheall ar an droch-chaoi a bhí ar an bhfoirneamh. Tugadh cóiríocht shealadach dó ar bhóthar Ráth Tó ina dhiaidh sin. Ní léir cén todhchaí atá i ndán don scoil amach anseo.
Príomhoidí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Br. M.R. Ó Tatháin (1931-1943)
- An Br. U.G. Ó Coileáin (1943-1949)
- An Br. S.A. Ó Laoi (1949-1955)
- An Br. P.B. Ó Gairbheith (1955-1961)
- An Br. S.A. Ó Dónaill (1961-1967)
- An Br. L.P. Ó Caithnia (1967-1970)
- An Br. A.P. Caomhánach (1970-1973)
- An Br. M.F. Ó Donnchú (1973-1975)
- An Br. An Br. D.P. Ó Fearghail (1975-1979)
- An Br. S.C. Ó hAmaill (1979-1980)
- An Br. P.U. Ó Néill (1980-
Iardhaltaí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ailéin de Diúc, Aire Rialtais agus Ceannaire FG ó 1987-1990.
- Brian Farrell, Iriseoir agus Láithreoir Teilifíse ar Chúrsaí Reatha.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://www.colaistemhuire.ie/eolas-agus-teagmhaacuteil.html
- ↑ http://www.colaistemhuire.ie/eolas-agus-teagmhaacuteil.html
- ↑ http://www.rte.ie/news/2002/1217/education.html
- ↑ Irisleabhar Choláiste Mhuire; Iubhaile Órga 1931-1981