Coireán
Cuma
Luibh is ea an coireán agus é bliantúil nó ilbhliantúil le duilleoga urchomhaireacha, agus bláthraí cíomacha de ghnáth. Dúchasach do réigiúin mheasartha an leathsféir thuaidh. An chailís feadánach cúigpheitealach, eangach nó gabhlánach, dearg nó bán ag brath ar an speiceas. Tá roinnt céadta speiceas ann sna géinis Silene agus Lychnis.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coireán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |