Coinbhinsiún um Chearta an Linbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoinbhinsiún um Chearta an Linbh
Íomhá
Cineálconradh
international human rights instrument (en) Aistrigh
core international human rights instrument (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deinternational human rights law (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht20 Samhain 1989 - 
Dáta na bliana20 Samhain 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe20 Samhain 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm2 Meán Fómhair 1990 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaan nua-aois dhéanach Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman tSeicis Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLunicef.es… Cuir in eagar ar Wikidata


is doiciméad atá sa Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (CNACL nó i mBéarla: Convention on the Rights of the Child) de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann cur síos soiléir ar chearta daonna an linbh, agus a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1990.[1][2] Míníonn an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh cé hiad na leanaí, na cearta ar fad atá acu, agus na dualgais atá ar na rialtais ina leith. Is é an CNACL an conradh chearta daonna is forleithne daingnithe sa stair.[3]

Kidoz, 2021
stampa poist na Casacstáine, 2019

Cearta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann an CNACL Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine in iúl ar bhealach atá oiriúnach go sonrach do leanaí (a shainmhíníonn mar ‘leanbh’ aon duine faoi bhun aois 18 mbliana), soláthraíonn sé cosaintí breise do leanaí, ag cur san áireamh a leochaileacht ar leith, agus cuireann sé san áireamh gur minic a bhíonn comhlíonadh a gcuid ceart ag brath ar ghníomhartha daoine eile, leithéidí tuismitheoirí.[4]

Go háirithe, faoi Alt 12 tá sé de cheart ag leanaí tuairim a chur in iúl, agus go gcuirfí an tuairim sin san áireamh in aon cheist a théann i bhfeidhm orthu, de réir a n-aoise agus a n-aibíochta.

stampa poist na hIndinéise

Tá 54 airteagal sa choinbhinsiún. Is féidir achoimre a dhéanamh orthu :[5]

• Cearta maireachtála.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna hairteagail seo cosnaítear cearta bunúsacha páistí: bia, éadach agus foscadh. Mar shampla, go leor bia agus uisce glan ; Cúram speisialta agus oiliíunt chuí do pháistí le míchumas, srl.

• An Ceart ar Chosaint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag páistí maireachtáil i dtimpeallacht atá sábháilte. Mar shampla, bheith lena dteaghlach nó le daoine a thabharfaidh aire mar is ceart dóibh agus caighdeán sásúil maireachtála agus cúram sláinte ann ; Gan mhí-úsáid nó gan neamart nó fáilí a fhulaingt ; Gan a bheith in úsáid mar oibrí saor ar phá íseal ; Gan a bheith in úsáid mar shaighdiúir in arm, srl.

• Cearta Forbartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé de cheart ag gach páiste a chumas iomlán a fhíorú. Díríonn an chuid seo den doiciméad ar an cheart atá ag páistí ar oideachas, ar spraoi agus ar chearta daonn. Mar shampla, oideachas atá saor in aisce agus foirsteanach. A dteanga féin a labhairt agus a reiligiún féin a chleachtadh  ; Foghlaim faoina gcultúr féin agus páirt a ghlacadh ann ; An rud a smaoiníonn sé/sí a rá ; Bualadh le páistí eile chun a gcuid tuairimí agus a gcuid smaointí a chur in iúl ; A gcuid tuairimí a bheith san áireamh agus cinntí a bhaineann leo á ndéanamh; Foghlaim faoina gcearta féin. srl.[5]

Stair agus sínitheoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh a ghlacadh an 20 Samhain 1989 agus ó shin i leith tá sé daingnithe ag gach ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe; ach amháin an tSomáil, an tSúdáin Theas agus na Stáit Aontaithe.[3]

Tá an Coinbhinsiún sínithe ag gach tír ar domhan ach amháin Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSomáil. Níor shínigh an tSomáil é ar an ábhar nach bhfuil rialtas ceart i bhfeidhm. Níl sé sínithe ag SAM ar an ábhar go bhfuil roinnt stát ann ina bhfuil pionós an bháis ceadaithe do dhaoine faoi 18 bliana d’aois, rud nach bhfuil ceadaithe in aon áit eile ar domhan.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shínigh Éire an Coinbhinsiún ar an 30 Meán Fómhair 1990. Ciallaíonn sé seo go n-aithníonn an rialtas Éireannach go bhfuil cearta speisialta ag páistí agus go gcaithfear iad a chosaint.[5]

Caithfidh an Ombudsman do Leanaí feasacht maidir le cearta leanaí a chur chun cinn, lena n-áirítear i measc leanaí agus daoine óga agus lena n-áirítear an CNACL.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. unicef.ie. "Téacs as Gaeilge". Dáta rochtana: 2023.
  2. United Nations. "United Nations Convention on the Rights of the Child". 
  3. 3.0 3.1 "Ceiliúrann feisirí 25 bliain ó glacadh leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga-IE). www.europarl.europa.eu (2014-11-26). Dáta rochtana: 2023-11-01.
  4. An Roinn Leanaí / dcya.gov.ie (2015). "AN STRAITÉIS NÁISIÚNTA ÓIGE 2015–2020". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-26. Dáta rochtana: 2023.
  5. 5.0 5.1 5.2 Brendan Ó Dufaigh (2015). "TOBAR NA GAOISE (LÁMHLEABHAR DÉAGÓRA DO RANGANNA IARBHUNOIDEACHAIS SÓISIALTA, PEARSANTA AGUS SLÁINTE (OSPS))". Dáta rochtana: 2023.
  6. Ombudsman do Leanaí. "Cearta Leanaí".