Cnoc Ninnidh
Cnoc Ninnidh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Fhear Manach | ||||
Logainm.ie | 58918 |
Is barúntacht i gContae Fhear Manach i gCúige Uladh é Cnoc Ninnidh.[1][2] I gContae Fhear Manach, ar a thaobh thoir tá Loch Éirne Uachtarach, agus tá ceithre bharúntacht eile taobh leis, mar atá: Clann Amhlaoibh siar ó thuaidh; Tír Cheannada ó thuaidh; An Machaire Steafánach ar an taobh thoir thuaidh; agus An Chúil ar an taobh thoir. I gContae an Chabháin, tá dhá bharúntacht, Lucht Tí Íochtarach ar a thaobh ó dheas; agus Teallach Eathach ar a thaobh thiar theas.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creidtear gur ó Naomh Ninnidh, naomh ón 6ú haois, a fhaigheann Cnoc Ninnidh a ainm. Tá Naomh Ninnid liostaithe mar cheann de "dhá aspal déag na hÉireann", agus cuireadh an buafhocal 'saobhruisc' lena ainm a chiallaíonn "ag gliúcaíocht", as a d'eascair an leasainm freisin; "Ninnidh leth derc". Tá Cnoc Ninnidh ar chladach theas Loch Éirne Uachtair.
Roimh 1450 ní luaitear ainm na barúntachta seo, ach luaitear an talamh mar luath-dhaingean Chlann Mhig Uidhir, leis na Mac Maghnuis, cineál de Chlann Mhig Uidhir bunaithe anseo.
Liosta de na príomhlonnaíochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liosta na bparóistí sibhialta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Anseo thíos tá liosta de na paróistí sibhialta [3] i gCnoc Ninnidh:
- Gallán (ar dhá thaobh na teoran, i gClann Cheallaigh agus An Chúil)
- Cill Náile (i mbarúntacht Chlann Amhlaoibh, Contae Fhear Manach agus i dTeallach Eathach, Contae an Chabháin freisin)
- Tuaim Dhreagain
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Cnoc Ninnidh/Knockninny | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ PRONI Baronies of Northern Ireland
- ↑ CIvil Parishes of County Fermanagh" [nasc briste go buan]