Cneas-iarmhairt
Jump to navigation
Jump to search
Iarmhairt a tharlaíonn le sruth ailtéarnach leictreach ina n-iompraítear an chuid is mó den sruth ar feadh imeall seachtrach an tseoltóra. Mar mhalairt, iompraítear sruth díreach, dáilte go cothrom, ar fud trasghearradh an tseoltóra. Tarlaíonn an chneas-iarmhairt de bharr sruthanna guairneáin i gcroíleacán an tseoltóra, agus cuireann siad seo i gcoinne an tsrutha fheidhmithe sa chroíleacán. Bíonn an iarmhairt níos sonraí ag minicíocht ard. Toradh amháin ar an iarmhairt seo nach gá ach feadáin chuasacha in ionad slat nó sreang chun sruth ardmhinicíochta a iompar.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |