Cluaisín cúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cluaisín cúnta

Is é is cluaisín cúnta ann gaireas chun fuaim a aimpliú do dhuine le héisteacht éalangach. B'fhoirm luath de an adharc cluaise, feadán cónach a bhailigh an fhuaim isteach ag an gceann leathan agus a tharchuir isteach go dtí tiompán na cluaise í leis an gceann caol. Gairis leictreonacha a úsáidtear anois, le micreafón, aimplitheoir is cluasán, gach ceann acu laghdaithe is pacáilte i soitheach an-bheag le hoiriúnú díreach ar an gcluas. Déantar an tarchur deireanach go dtí an tiompán nó le seoladh tríd an gcnámh mhastóideach.