Chlotarius I

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Clotaire I)
Infotaula de personaChlotarius I

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Clotaire Ier
Beathaisnéis
Breith498
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Samhain 561
62/63 bliana d'aois
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSoissons Cuir in eagar ar Wikidata
Rí na bhFranc
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalRí na bhFranc (558–561)
Rí na bhFranc (511–558) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachNa Meirvínsigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileGuntheuc
Chunsene
Aregund
Ingund
Waldrada
Radegund (538 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCharibert I
 ( Ingund)
Chram
 ( )
Gundoald, leanbh a saolaíodh lasmuigh de chuing an phósta
 ( )
Bilichilde
Chilperic I
 ( Aregund)
Sigebert I
 ( Ingund)
Chlothsind
 ( Ingund)
Guntram
 ( Ingund)
Chlotsuinda (?)
 ( Waldrada) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairClóbhis I  agus Clotilde
SiblínClodomir I, Childebert I, Theuderich I, Ingomer agus Clotilde

B'é Chlotarius I (Sean-Ghearmáinis: 'Arm ghlórmhar') glaoite Clotaire le Vieux (Fraincis: an tSean) (497 – 561), Rí na bhFranc, ceann de na ceithre mhac a bhí ag an Rí Clóbhis. Rugadh é timpeall na bliana 497 i Soissons (atá anois mar chuid den 'Département d'Aisne', i bPicardie, na Fraince).

An chaoi ar rinneadh Ríocht na Meirvínseach nuair a fuair Clotaire I bás.

Tar éis bás a athar, sa bhliain 511, bhronnadh an baile Soissons air mar oidhreacht trí chomhroinnt na ríochta, maille le cathracha eile, siad sin Laon, Noyon, Cambrai, agus Maastricht agus an cúrsa íochtarach d'abhann na Meuse.

Ba dhuine íonacht uaillmhianach é Clotaire agus bhí fonn air a oidhreacht a mhéadú. B'é an príomh duine a thionscain dúnmharú pháistí a dhearthár Chlodomer sa bhliain 524, agus fuair sé na cathracha Tours agus Poitiers mar a luach saothair.

Ghlac sé páirt i sluaíochtí i gcoinne na Burgúine agus, tar éis léirscriosta na ríochta sa bhliain 534, ghnóthaigh sé Grenoble, Die, agus cuid de na cathracha eile sa cheantair.

Nuair a ghéill na hOstró-Ghóit Provence do na Francaigh, ghlac sé na cathracha Orange, Carpentras, agus Gap. Sa bhliain 531 d'ionsaigh seisean agus a nia Theudebert I na Thuringii agus sa bhliain 542, in éineacht le a dheartháir Childebert I d'ionsaigh sé na Visi-Ghóit sa Spáinn. Tar éis bás a nia mór Theodebald sa bhliain 555, nasc-ghabh Clotaire a chríocha. Tar éis bás Childebert sa bhliain 558, b'é a bhí ina rí amháin ar Ríocht na bhFranc. Bhí sé ag rialú an chuid is mó den Ghearmáin freisin,, chuaigh sé ar sluaíocht isteach i dtír na Sacsaine, agus bí sé ag súil le cíos de 500 bó. Ag deireadh a réimis marcáilte le easaontais inmheánacha, throid a mhac Chram ina gcoinne níos mó ná uair amháin. Lean sé a mhac isteach sa Bhriotáin, áit a raibh na reibiliúnacha ag lorg tearmainn, dhó Clotaire Charm, a bhean chéile agus a pháistí tar éis iad a chimigh i dteachín tuaithe. Fuair doilíos an ceann is fearr air, agus chuaigh sé ar oilithreacht chuig Tours ag lorg maithiúnas ag tuama Shan Mártan, agus fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin,