Clog gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas chun imeacht an ama a léiriú ón scáth a chaitheann snáthaid (réad soladach, slat nó pláta triantánach greamaithe leis an diail) ar scála grádaithe ar an diail. Is eol go raibh a leithéid in úsáid timpeall 300 RC. Le forbairt na matamaitice sa Ghréig tháinig dearaí an-chríochnúla in úsáid. Tugadh cloig gréine ar ais sa Mheánaois, ceapadh an-chuid cineálacha nua, agus saothraíodh an teoiric fúthu gur cuireadh as faisean iad le ceapadh na gclog meicniúil sa 17ú-18ú céad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clog gréine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 146.