Cloch Oghaim Bhréisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Séadchomhartha Náisúnta (415) is ea Cloch Oghaim Bhréisteach (CIIC 10), suite i gContae Mhaigh Eo, Éire.[1]

Cloch Oghaim Bhréisteach

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seasann Cloch Oghaim Bhréisteach i ngort, 4.2 km ó thuaidh siar ó thuaidh de Chill Ala,[2][3] ag 54°14′47″N 9°15′12″W / 54.246426°N 9.253436°W / 54.246426; -9.253436.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gur tógadh an chloch le linn na Cré-umhaoise, agus gur cuireadh an tOgham uirthi tuairim is AD 550–900.[4][5]

D'aimsíodh an chloch ina luí i ngort sa mhí Aibreáin 1874 ag turasóir Sacsanach, W. K. Dover, agus tugadh aird Sir Samuel Ferguson uirthi, a rinneadh í a chur ar ais suas.[6][7]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gallán é an Chloch Oghaim Bréisteach le tomhas 366 × 76 × 60 cm, a bhfuil aici inscríbhinní Oghaim ar dhá imeall. Faightear scríofa ann:

᚛ᚂᚓᚌᚌ[--]ᚄᚇ[--]ᚂᚓᚌᚓᚄᚉᚐᚇ᚜ ᚛ᚋᚐᚊ ᚉᚑᚏᚏᚁᚏᚔ ᚋᚐᚊ ᚐᚋᚋᚂᚂᚑᚌᚔᚈᚈ᚜
L.G̣G̣.SD.LENGẸṢCẠ[D] / MAQ CORRBṚI MAQ AMMLLỌṆG̣[I]ṬT
Legescad mhic Corrbrias mhic Ammllogitt

Creidtear go luann seo garmhac Amalgaid mhic Fiachrae (bás. AD 440), rí na gConnacht de chlann Uí Fiachrach, as a bhfuil an tuath, agus níos deireanaí an barúntacht, Tír Amhlaidh ainmnithe.[8][9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]