Cloch Oghaim Bhaile Mhuadáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cloch Oghaim Bhaile Mhuadáin
Íomhá
Sonraí
CineálCloch oghaim
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Chainnigh, Éire
Map
 52°28′N 7°13′W / 52.47°N 7.22°W / 52.47; -7.22
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir599

Séadchomhartha Náisiúnta (599) is ea Cloch Oghaim Bhaile Mhuadáin (CIIC 38), suite i gContae Chill Chainnigh, Éire.[1][2]

Cloch Oghaim Bhaile Mhuadáin

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cloch Ogham Bhaile Mhuardáin suite i mbanrach le taobh goirt, 1.7 km ó dheas de Chnoc an Tóchair, i nGleann na Feoire gContae Chill Chainnigh, ag 52°28′12″N 7°13′22″W / 52.470111°N 7.222667°W / 52.470111; -7.222667.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Greanadh Cloch Oghaim Bhainne Mhuadáin c. AD 700–900. Ath-aimsíodh í an éigin roimh an mbliain 1841, agus leagadh í ag tóraithe taisce. Sa bhliain 1850, bhí sé ar intinn ag tionónta na talún í a scriosadh mar bhac céachta, ach ar an dea-uair shábháil an tiarna talún Richard Langrishe í.[4]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leac slinne í an chloch, le tomhas 231 × 175 × 23 cm, le hinscríbhinn Oghaim ar threibh amháin:

᚛ᚉᚑᚏᚁᚔᚕᚑᚔᚋᚐᚊᚔᚂᚐᚏᚔᚇ᚜
CORBI KOI MAQI LABRID
Corb anseo mhic Labraid[5][6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]