Clare sa Spéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinClare sa Spéir
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2001 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt0321710 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scannán é Clare sa Spéir. Tá sé ar an gcuraclam Ardteistiméireachta. Aisteoirí sa scannán is ea Bríd Ní Neachtain (Clare, an príomhcharachtar) agus Seán McGinley (Eoin, a fear céile).

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scríbhneoir/Stiúrthóir: Audrey O’Reilly
  • Léiritheoir: Donna Eperon
  • Eagarthóir: Gráinne Gavigan
  • Foireann Aisteorí: Sean McGinley, Bríd Ní Neachtáin, Medbh Ní Mhaonaigh, Niall Ó Maonaigh, Darren Ó Maonaigh
  • Comhlacht Léiriúcháin: Zanzibar Productions

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Clare bréan dá saol. Bhí a clann i gcónaí ag argóint le chéile agus í ag déanamh a seacht ndícheall rudaí a chur i gceart. Níor tugadh aon aitheantas dá cuid iarrachtaí. Maidin amháin, chuala sí gur sháraigh fear amháin an churiarracht dhomhanda. B'insporáid é seo di. Shocraigh sí dul suas i dteachín crainn do 32 lá chun curiarracht dhomhanda fanacht sa chrann a shárú. Ar dtús, bhí Eoin an-mhíshásta léi ach tar éis tamaill d'fhoghlaim Eoin go raibh sí ag lorg buíochas dá cuid iarrachtaí. Thug sé cabhair di agus chaith sé am léi sa teachín crainn.

Chuaigh sí amach den teachín crainn tar éis 32 lá. Níor sháraigh sí an churiarracht dhomhanda mar bhí 32 bliain i gceist. Mar sin féin, bhí gach duine go sona sásta ag an deireadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]