Jump to content

Claonmhealltóireacht ar líne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
maisc = cealgaireacht. Anseo "Halloween Shop," Waterloo Place, Doire, MF 2010
Nev Schulman

Téarma is ea claonmhealltóireacht ar líne[1] a bhaineann le duine a chruthaíonn aitheantas bréige ar líne. Tháinig an téarma ó ‘Catfish’, clár faisnéise a rinneadh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2010, clár de chuid Nev Schulman. Leanann an scannán fear óg a d’fhorbair caidreamh ar líne le  bean, ach ansin fuair sé amach gur duine eile ar fad an duine lena mbíodh sé ag caint. Bhí an-rath ar an gclár faisnéise, agus craoladh clár teilifíse in 2012 den ainm céanna ar MTV "Catfish: The TV Show" (de Nev Schulman arís), agus bhí an-tóir air.[2]

Ní le haghaidh cúiseanna mailíseacha a bhíonn an chlaonmhealltóireacht ar líne ar siúl ag gach duine a bhíonn ina bun. Bíonn claonmhealltóireacht ar siúl ag daoine áirithe mar gheall ar fhadhbanna féinmheasa nó de bharr uaignis, agus le teann leadráin a dhéanann daoine eile é. Mar sin féin, d’fhéadfadh an chlaonmhealltóireacht dochar a dhéanamh do dhaoine, agus d’fhéadfaí go mbeadh cúiseanna níos dorcha leis an bhfeiniméan nua seo, lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus foghlaithe ar líne.

Má cruthaíonn duine cairdeas le duine eile ar líne, agus má bhaineann an ciontóir úsáid as aitheantas bréige, úsáidtear an téarma "cat mara"[3] i mBéarla ar an gcineál iompair sin.[4] Is furasta ag ciontóirí a bheith idirnáisiúnta ar an idirlíon.

Tá sé in aghaidh na dtéarmaí seirbhíse ar go leor líonraí sóisialta faisnéis bhréagach a chur ar fáil nó cuntas a chruthú le sonraí agus le híomhánna duine eile. Ach is gá na rialacha a chur i bhfeidhm agus uaireanta tá sé sin an-costasach do na líonraí sóisialta.

Cásanna in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Sna 2010idí, chuir Alexander McCartney, mac léinn ríomheolaíochta as ceantar an Iúir (agus sna déaga ag an am) an chluain go fíorúil ar chailíní. Agus nuair a bhí siad i ngaistí aige, rinne sé dúmhál orthu mar chuid den drochíde ghnéis. Lig McCartney air gur chailín é féin chun ‘cairdeas’ a chothú le cailíní a bhí ag streachailt lena ngnéasacht ar fud na cruinne. Ar Snapchat agus meáin shóisialta eile mheall sé grianghrafanna mhíchuibhiúla díobh féin uathu agus bhain sé leas as na pictiúir sin chun iachall a chur orthu gníomhartha gnéis a dhéanamh dó. Bhagair sé go bhfoilseodh sé na pictiúir ar líne nó go dtaispeánfadh sé do thuismitheoirí iad mura ndéanfaí rud air.[2]
  • In 2015 chuir déagóir i gcontae Thír Eoghain lámh ina bhás féin mar gheall ar dhúmhál agus mí-úsáid ar líne. Ciontaíodh duine sa Rómáin sa gcás sin.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó 'catfishing' sa Bhéarla
  2. 2.0 2.1 Jane McGarrigle (2015-11-16). "Céard is claonmhealltóireacht ar líne ann?" (en-GA). Webwise.ie. Dáta rochtana: 2024-10-20.
  3. i mBearla, catfish
  4. Póilín Ní Chiaráin (20 Deireadh Fómhair 2024). "Léargas eile tugtha i gcúirt i mBéal Feirste ar dhomhan an uafáis ar líne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-20.