Clónáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atáirgeann go leor organach, lena n-áirítear crainn chreathacha trí chlónáil.

Is éard is clónáil ann ná an próiseas le haghaidh aonán géinchomhionann a tháirgeadh d'orgánach, a d'fhéadfadh a bheith déanta go nádúrtha nó go saorga. Sa nádúr, táirgeann go leor orgánach clóin trí atáirgeadh éighnéasach. Sa bhiteicneolaíocht tagraíonn clónáil do phróiseas le haghaidh chlóin d'orgánaigh nó chóipeanna de chealla nó bhloghanna d'ADN a chruthú (clónáil mhóilíneach). Chomh maith le bitheolaíocht, tagraíonn an téarma d'ilchóipeanna de shaothair sna meáin dhigiteachabogearraí a tháirgeadh.

B'é J. B. S. Haldane, a chéad cheap an téarma 'clone' sa Bhéarla. Tá sé díorthaithe ón fhochal Gréigiseκλών klōn, "craobhóg", a thagraíonn don phróiseas trína gcruthaítear planda nua as chraobhóg. Sa luibheolaíocht, d'úsáidtí an téarma lusus go traidisiúnta.[1]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]