Clóiríd pholaivinile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachClóiríd pholaivinile
Substaint cheimiceachpolaiméir, comhdhúil cheimiceach, vinyl polymer (en) Aistrigh, organic polymer (en) Aistrigh, art material (en) Aistrigh, chloropolymer (en) Aistrigh agus type of chemical entity (en) Aistrigh
Ainm gearrPVC agus ПВХ
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceach(C₂H₃Cl)n
Polyvinylchloride-repeat-2D-flat.png
Airí
Dlús1.39 g/cm³ (a 20 °C, solad) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite200 °C Cuir in eagar ar Wikidata

An tríú polaiméir phlaisteach shintéiseach is mó a tháirgtear ar domhan (i ndiaidh poileitiléine agus polapróipiléine) is ea clóiríd pholaivinile[1][2] (mar mhalairt air sin: i gcóras AIGCF pola(1-clóireitiléin ) Déantar thart ar 40 milliún tonna de CPV a tháirgeadh gach bliain. Bíonn dhá fhoirm bhunúsacha ag CPV: dolúbtha (giorraithe uaireanta mar CPVD) agus solúbtha. Úsáidtear CPV, sé sin an fhoirm dholúbtha, san fhoirgníocht le haghaidh píopaí agus in go leor feidhmeanna praiticiúlaeile amhail doirse agus fuinneoga a mhonarú. Úsáidtear í freisin chun buidéil, pacáistiú neamhbhia, leatháin cumhdaigh bia, agus cártaí a dhéanamh (mar shampla cártaí bainc nó ballraíochta). Is féidir í a dhéanamh níos boige agus níos solúbthaí trí phlaisteachán a chur leis, agus is iad na taláit na cinn is mó a bhaintear úsáid as. San fhoirm seo, úsáidtear í freisin i bpluiméireacht, insliú cábla leictreach, leathar bréige, urláir, comharthaíocht, ceirníní,[3] táirgí inséidte, agus go leor feidhmeanna ina gcuirtear í in ionad rubair..[4] Le cadás nó línéadach, úsáidtear í i dtáirgeadh chanbháis. CH2=CHCl

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Poly(vinyl chloride)" (en-US).
  2. "Poly(Vinyl Chloride)".
  3. Barton, F.C. (1932 [1931]). Victrolac Motion Picture Records. Journal of the Society of Motion Picture Engineers, April 1932 18(4):452–460 (accessed at archive.org on 5 August 2011)
  4. W. V. Titow (31 December 1984). "PVC technology": 6–. Springer.