Cló Léann na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCló Léann na Gaeilge
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinclo.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Inphrionta acadúil is ea Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a fhoilsíonn saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilsíonn CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla. Tá sé i gceist go mbeadh CLÓ mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag CLÓ an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde sa réimse thuasluaite a fhoilsiú i nGaeilge. Freagra ar an riachtanas le fearas nua foilsitheoireachta a chur i dtoll a chéile is ea CLÓ, ionas go mbeadh seachadadh scoláireacht agus taighde i Léann na Gaeilge slán sna blianta amach romhainn.

Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta Comhar.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]