Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire
Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Recumbent stone circle (en) ![]() ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Dún Ard, Éire ![]() | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 441 | |||
Is liagchiorcal suite i gCill Chainnigh é an Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire. Cé go dtugtar 'ciorcal cloiche' ar an láthair seo, i ndáiríre is bábhún é—a chineál séadchomhartha a dtugtar 'Heinse' air i mBéarla. Bhí láithreacha den chineál sin á dtógáil thart ar 2500 RC, ag deireadh na tréimhse Neoiliteach agus ag tús Aois an Chré-Umha. Is dóigh gur baineadh leasa astu do chríocha deasghnátha; dealraíonn go ndearnadh roinnt séadchomharthaí cosúil leo sa Bhreatain agus in Éirinn a ailíniú de réir imeachtaí tábhachtacha réalteolaíochta nó de réir ghnéithe tírdhreacha ar bhain tábhacht deasghnátha leo.
Sa láthair tá créfort, atá 30 méadar ar leithead, agus taobh istigh leis tá 29 cloch ina seasamh. Is é an bealach isteach atá ann, ar an taobh thoir theas ná dhá ghallán mhóra ghrianchloiche. Tá díog, atá thart ar 60 méadar ar leithead, taobh amuigh thart ar an mbábhún ach ní féidir é a thabhairt faoi deara anois ach ón aer.
In aice láimhe tá caisleán criaga nó motte a thóg na hAngla-Normannaigh ag deireadh an 12ú céad AD le hamharc a fháil ar an áit le dul trasna na habhann. Is éard atá ann tulach mhór chruinn cré le mullach is claí uirthi agus tá dióg thart uirthi. Ar dtús bhí foirgneamh cosanta adhmaid nó túr ar bharr na tulaí. Ar an taobh ó dheas tá áit bheag ardaithe agus d'fhéadfadh gur clós a bhí ann—áit dúnta isteach d'fhoirgnimh bhaile eile. Níl cead isteach ag an bpobal go dtí an séadchomhartha seo.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |