Ciorcad iomlánaithe
Nuair a dhéantar dé-óideanna nó trasraitheoirí as sileacan, tosaítear le slisne den bhunábhar céanna i ngach cás. Trí dhópáil logánta ar an slisne le heisíontais glacóir-leictreon nó deontóir-leictreon, déantar leathsheoltóir de chineál p nó cineál n faoi seach ag an ionad sin. Trí thiúchan an eisíontais a rialú, déantar inseoltacht an leathsheoltora a shocru. Is féidir dé-óideanna a dhópáil ag ionaid áirithe ar an slisne, trasraitheoirí ag ionaid eile, friotóirí ag ionaid eile, agus toilleoirí ag ionaid eile fós. Is féidir na ceangail idir na comhbhaill seo a dhópáil chun ciorcad ar leith a thógáil. De ghnáth tosaítear le slisne fíorbheag fíorshileacain chriostalta, timpeall 1 mm × 1 mm. Deartar an ciorcad atá le déanamh, agus rianaítear a leagan amach ar dhromchla an tslisne, le próiseas micreascópach fótagrafach ar a dtugtar micriliteagrafaíocht. Ansin déantar an dópáil i gcéimeanna go mbíonn an ciorcad iomlán lonnaithe ar aon slisne sileacain amháin. Clúdaítear an ciorcad iomlánaithe seo i bpacáiste plaisteach nó miotalach caomhnaitheach, agus déantar ceangail leis na pointí cuí sa chiorcad trí phionnaí inslithe copair a thagann amach tríd an gcludach sin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ciorcad iomlánaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 138.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |