Ciondáil mholta laethúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caighdeán ar féidir ionghabháil chothaitheach an phobail a thomhas ina leith (RDA i mBéarla). Moltar RDA do gach cothaitheach, agus daoine le riachtanais arda mheitibileacha san áireamh. De ghnáth, áirítear an RDA mar shuim na meanchiondála riachtanaí don chothaitheach sin agus dhá dhiall chaighdeánacha. Measann saineolaithe cothaithe áirithe go mb'fhéidir go bhfuil na luachanna RDA socraithe ró-ard.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciondáil mholta laethúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 138.