Cinsireacht sa Ghearmáin Thoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Mar aon le mórán tíortha a bhí comhcheangailte leis an Aontas Sóivéadach roimh thitim bhalla Bheirlín, bhí córas leathan cinsireachta i bhfeidhm ag rialtas Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine fad is a bhí sí ar marthain ó 1949 go 1990.

Forálacha Bhunreacht na Gearmáine Thoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor foráladh i leagan bunaidh bhunreacht na Gearmáine Thoir ó 1949 go ndéanfaí cinsireacht ar an bpreas, ach ráthaíodh in airteagal 9, alt 2 nach ndéanfar cinsireacht ar na meáin. Baineadh an fhoráil seo nuair a athcheartaíodh an doiciméad sa bhliain 1968, agus leathnaíodh an fhoráil chun bheith airteagal nua - airteagal 27. D'fhreagair an t-airteagal seo do nua-aoisiú na dteicneolaíochtaí:

  1. "Tá an ceart ag gach saoránach a thuairim nó a tuairim a chur ar aghaidh gan bhac agus go poiblí de réir phrionsabail an bhunreachta."
  2. "Ráthaítear saoirse an phreasa, an chraolacháin agus na teilifíse."

D'ainneoin na ráthaíochta seo, tharla cinsireacht oifigiúil agus neamhoifigiúil le linn stair Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, cé gur tháinig maolú ar an gcinsireacht seo faoi dheireadh an réimis. Os rud é gur stát aonpháirtí a bhí faoi cheannas agus faoi threoir an SED i ndáiríre a bhí i gceist le Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, bhí saoirse an phreasa agus na dtionscal clódóireachta eile faoi réir thoil an pháirtí cheannasaigh agus an réimis agus faoi réir mhianta idé-eolaíochta na ndaoine a bhí i gceannas. Cé gur cosúil go dtéann sé seo in aghaidh na bhforálacha thuas, os rud é gur chóir go raibh an léiriú ag luí leis an bhfrása "de réir phrionsabail an bhunreachta", bhí an rialtas in ann feidhm a bhaint as saincheisteanna ar nós slándáil náisiúnta, cuibheas poiblí, agus saincheisteanna eile lenar bhain an dlí náisiúnta d'fhonn cinsireacht a chur i bhfeidhm.

Cur i ngníomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an rialtas smacht ar gach foilseachán sna meáin, ar na healaíona agus ar chultúr. D'fhonn a chinntiú go raibh córas na cinsireachta iomlán, b'éigean d'ábhar foilseachán dul faoi chéimeanna difriúla cinsireachta. Dhá chéim a bhí ann ná an chinsireacht sheachtrach agus inmheánach (cinsireacht de chuid an rialtais agus de chuid pháirtí an SED).

Cinsireacht sheachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é a bhí i gceist leis an gcinsireacht sheachtrach ná an réamhchinsireacht a rinneadh ar chuideachtaí foilsitheoireachta. Rinne an cinsire anailisiú ar an lámhscríbhinn faoi threoir na hidé-eolaíochta sóisialaí agus ansin mhol sé athruithe don údár más gá. Ina dhiaidh sin, rinne coiste na cuideachta foilsitheoireachta anailísiú ar an saothar iomlán arís le haghaidh idé-eolaíochtaí a bhí contrártha le hidé-eolaíocht reatha an rialtais.

Cinsireacht Rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne agus mhaoirsigh dhá eagraíocht rialtais an chinsireacht seo. Ceannoifig maidir le Cinsireacht na Litríochta (Hauptverwaltung Verlage und Buchhandel, HV) agus an Biúró um Chóipcheart (Büro für Urheberrechte) ab iad teidil na n-eagraíochtaí seo. Rinne an HV cinntí maidir le méid na cinsireachta agus maidir leis an mbealach inar foilsíodh agus margaíodh an saothar. Thug an Biúró um Chóipcheart breithmheas ar an saothar, agus ansin chinn sé má raibh cead ann an leabhar nó foilseachán eile a fhoilsiú i dtíortha iasachta agus i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, nó i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine amháin.

Cinsireacht ag an bPáirtí SED[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an chinsireacht seo ann i ngach sraith de Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Chuir an chinsireacht seo isteach ar gach gnó agus eagraíocht. Bhí baill pháirtí i ngach eagraíocht agus bhí príomhphoist acu (m.sh. i gcomhchoiste na n-údar). Uaireanta rinne an Politbüro cinsireacht go díreach, go háirithe mura raibh an saothar ag luí le hidé-eolaíocht an lae.

Cinsireacht ar ealaíon agus cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gach foilsitheoir, mar aon le gach ionad poiblí agus taispeántas ealaíne agus cultúir, faoi réir cinsireachta. Roimh úrscéal a fhoilsiú nó dráma a léiriú, bhí orthu dul faoi bhráid na gcinsirí chun athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Ábhair choiscthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toirmisceadh go docht ábhair a measaíodh gur dhochar don réimeas, nó d'idé-eolaíochtaí cumannacha i gcoitinne iad. Chuimsigh sainmhíniú na nithe a d'fhéadfadh a bheith dochrach roinnt catagóirí éagsúla.

Níor glacadh le cáineadh ar chumannachas ar chor ar bith. Chuimsigh é seo aon cháineadh ar chumannachas i gcoitinne, mar aon le pléití ar réimis reatha Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Aontais Shóivéadaigh, agus de ghnáth ar stáit eile a bhí comhcheangailte leis an Aontas Sóivéadach. Bhí pléití ar ghníomhaíochtaí agus modhanna an Stasi san áireamh, leis. Ar an gcuma chéanna, níor ceadaíodh idéanna a raibh claonadh acu le caipitleachas nó le faisisteachas, idé-eolaíochtaí a measadh mar an dá namhaid don chumannachas. Níor ceadaíodh aon idé a spreag frithbheartaíocht don rialtas, ar nós diúltú coinsiasach, a phlé.

Rinneadh cinsireacht ar léirithe diúltacha Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, leis. Áiríodh leis seo cáintí agus gearáin maidir leis an gcaighdeán maireachtála agus oideachais sa tír mar aon le haird a tharraingt ar thruailliú agus ar fhadhbanna eile an chórais thionsclaíoch. Ní raibh Republikflucht (sin le rá Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine a theitheadh chun dul go dtí an Gearmáin Thiar nó tíortha eile) nó pléití maidir le Balla Bheirlín, le bheith léirithe ar chor ar bith.

Sa deireadh, d'fhorghníomhaigh an rialtas caighdeáin dhochta chuibhis. Seachnaíodh ábhair "gháirsiúla" ar nós homaighnéasachais agus pornagrafaíochta. Ar an gcuma chéanna, bhí léirithe de Ghearmánaigh Thoir mar "neamhshibhialaithe", trí fhíorfhoréigean nó fíorchiontóireacht, nó an moladh go raibh fadhbanna ar nós alcólachais nó dúlagair ag Gearmánaigh Thoir le bheith eisiata.

I dteannta le cinsireacht a dhéanamh ar ábhair, choimeád an rialtas an ceart aige féin chun foilseachán nó taispeántas éigean a dhícheadú ar bhonn foirme. Urchoisceadh aon rud nár measadh gur fhoirm "iomchuí" a bhí ann. Chuimsigh foirmeacha agus teicnící dícheadaithe filíocht saorvéarsaíochta; monalóg inmheánach agus sruth comhfheasa; seafóid nó avant-garde; agus ealaín theibí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]