Cinéistéis
Cuma
(Athsheolta ó Cinistéis)
Is éard atá i gceist le cinéistéis[1] ná na mothúcháin a airítear maidir le hionad is gluaisne na colainne is na ngéag, agus na fórsaí a chuireann na matáin i bhfeidhm. Na horgáin chéadfacha atá freagrach as seo, atá lonnaithe sa chraiceann is na hailt, agus sna matáin féin go háirithe. Is leithne fós féinaireachtáil a chuimsíonn eolas ar staidiúir is gluaisne nach n-airítear go comhfhiosach, chomh maith leis na céadfaí cothromaíochta, rothlaithe is luasghéaraithe línigh cheartingearaigh is chothrománaigh de bharr spreagadh na n-orgán cuasánach sa chluas inmheánach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““cinéistéis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-29.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cinistéis (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |