Cineál Aodha na hEachtaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luath-dhreamanna peoples agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Tríocha céad sna Connachta in Éirinn na meánaoise ba ea Cineál Aodha na hEachtaí (Sean-Ghaeilge Cenél Áeda na hEchtge[1]), ainmnithe as géag d'Uí Fhiachrach Aidhne, iad féin ainmnithe as Aodh, uncail Ghuaire Aidhne mhic Colmáin (bás 663), rí Chonnacht.

Bhíodh ann na paróistí An Bheitheach, Cill Bheaganta, Cill Mhic Dhuach, Cill Tartan agus Cill Tómais (Tobar Pheadair). Cruthaíodh as an tuath an chuid theas den bharúntacht, Cill Tartan.

Bhíodh an dá chlann, Uí Sheachnasaigh agus Uí Chathail, i gceannas sa cheantar, go dtí gur díbríodh Uí Chathail Uí Sheachnasaigh. Bhí siadsan ina dtaoisigh ann go dtí 1691, agus mhair ceann na fine sa cheantar roimh meath na clainne san 18ú haois.

Cenél Guaire is ea tríocha céad eile sa cheantar, ainmnithe as Guaire Aidne.

Tá an focal Eachtach caomhnaithe sa logainm Sliabh Eachtaí, atá in aice láimhe.

Tiarnaí Chineál Aodha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 144–145. ISBN 978-1-84682-098-4

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Echtge ar eDIL