Jump to content

Cille Chòmhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCille Chòmhain

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56° 41′ 53″ N, 6° 06′ 11″ O / 56.698°N,6.103°W / 56.698; -6.103
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán150 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Is sráidbhaile in Àird nam Murchan é Cille Chòmhain (freisin Cille Chòmhghain) [1].

Is teirminéal farantóireachta é Cille Chòmhain agus téann báid idir Cille Chòmhain agus Tobar Mhoire san Oileán Muileach le Caledonian Mac a' Bhriuthainn.

Tá Caisteal Mhìogharraidh suite míle siar ó dheas ón bhaile.

Tá thart ar 150 duine ina gcónaí i gCille Chòmhain

De réir Mary Ethel Muir Donaldson,is ionann "Buarblaig" nó "Buarblaige" atá timpeall cúig chiliméadar soir ó Cille Chòmhain, ar an taobh thoir de Bhinn Shianta, atá 528 méadar ar airde, agus an tagairt eangaí NM546623) le Muribulg,[2]) áit a thaifead Annála Tiarnaigh cath idir na Cruithnigh agus Dál Riada sa bhliain 731 AD. B'fhéidir gurb é Muirbole Paradisi Adhamhnáin atá i gceist freisin.

Ar feadh i bhfad tar éis threascairt agus deoraíocht na Stíobhartach sa bhliain 1688, ba pharóiste easpagóideach meamh-mhionnach é an tsean-eaglais pharóiste i gCill Chomhghain, atá leagtha anois, a bhí tiomnaithe do Naomh Comhghall, agus é laistigh d’Eaglais na h-Alba.