Jump to content

Cill Fhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Fhinn
Cill Fhinn (gd)
Killin (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56° 27′ 58″ N, 4° 19′ 05″ O / 56.466°N,4.318°W / 56.466; -4.318
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainSruighlea Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán765 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkillin.net Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile i gComhairle Shruighlea in Albain is ea Cill Fhinn.[1] Tá sé suite ag ceann thiar Loch Tatha, ag cumar na n-aibhneacha Dochard agus Lòchadh. Is iad seo a comhordanáidí: 56° 27′ 57.6″ Thuaidh agus 4° 19′ 4.8″ Thiar.

Sa bhliain 2004 bhí 640 duine ina gcónaí anseo.[2]

Ar an taobh thiar den bhaile tá eas ar a dtugtar 'Eas an Dhochairt'.

Timpeall ciliméadar soir ó thuaidh ón mbaile tá fothracha seanchaisleáin, 'Castile Finnlarig', a tógadh sa bhliain 1629.

Dar le hIain Mhic an Tàilleir, ciallaíonn Cill Fhinn "eaglais fhionn". Do bhíodh aonach ar a dtugtar “Féill Faolain” ann.[3]

Ceangal Gaelach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceantar an-Ghaelach a bhí ann san am a chuaigh thart agus leis sin tá naisc bhuana ann go dtí an lá atá inniu ann. Mar is féidir linn a léamh ar an leacht cuimhneacháin, a thóg an Comunn Gàidhealach ar an mbaile féin, don mhinistir iomráiteach Seumas Stiùbhard, a d’aistrigh an Tiomna Nua go Gaeilge na hAlban. Bhí sé bainteach leis an chuallacht ar feadh 52 bliain, go dtí go bhfuair sé bás i 1789.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-07-01.
  2. Mid-2004 Population Estimates for Settlements in Scotland
  3. Iain Mac an Tàilleir, "Ainmean-Àite", leathanach 71, Pàrlamaid na h-Alba