Christiaan Neethling Barnard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Máinlia cairdiach a rugadh i mBeaufort West san Afraic Theas ab ea Christiaan Neethling Barnard (1922-2001). In ospidéal Groote Schuur i 1967 rinne sé an chéad trasphlandú rathúil croí dhaonna. Fuair an t-othar Louis Washkansky bás 18 lá níos déanaí de bharr niúmóine dhúbailte, áfach. Le himeacht ama d'fheabhsaigh sé marthanas othar go mór le croíthe trasphlandaithe.