Childline
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht carthanas |
Foirm dlí | carthanas |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1986 |
Bunaitheoir(í) | Esther Rantzen |
Gníomhaíocht | |
Líon saorálaithe | 1,400 (2017) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 1,303,625 £ (2017) |
Suíomh gréasáin | childline.org.uk |
Is líne chabhrach é Childline, chun tacaíocht a thabhairt do pháistí suas le hocht mbliana déag d'aois.[1]
Seirbhís sa Bhreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an craoltóir BBC, Esther Rantzen, an tseirbhís (0800 1111) sa Bhreatain sa bhliain 1986.[2] Is cuid den NSPCC (National Society for the Prevention of Cruelty to Children) í inniu.
Seirbhís in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí Childline sa bhliain 1989 chun tacaíocht a thabhairt do pháistí in Éirinn (1800 666 666).[3] Sa bhliain 2020, fuair Childline thart ar ceithre chéad míle glaoch ó pháistí ar fud na tíre.[1]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021, bhí sé ráite ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil. Dúirt Childline nach bhfuil polasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó aon teanga eile ach gurb é an Béarla an teanga a úsáidtear chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do pháistí. Tháinig an scéal seo chun cinn nuair a dúradh le hoibrí Childline gan Gaeilge a labhairt le páistí a úsáideann an tseirbhís tacaíochta, cé gur éirigh leis an oibrí céanna comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Tá thart ar fiche cúig míle páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge, Londain (2021). "6 Samhain 2021 (Gaillimh) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-16.
- ↑ "Childline | Childline". www.childline.org.uk. Dáta rochtana: 2022-02-16.
- ↑ "Home" (en-GB). Childline. Dáta rochtana: 2022-02-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |