Cephalochordata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCephalochordata Cuir in eagar ar Wikidata

Branchiostoma lanceolatum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
FofhíleamCephalochordata Cuir in eagar ar Wikidata
Haeckel, 1866

Is grúpa cordach simplí mara é an fofhíleam Cephalochordata (ó 'kephalé', "ceann" agus 'khordé', "corda" sa tSean-Ghréigis). Níl ach ord amháin atá fós beo, na Amphioxiformes (ar a dtugtar “amfaibhioraigh”). Is minic a fhaightear iad adhlactha i ngaineamh in áiteanna éadomhaine na bhfarraigí trópaiceacha nó measartha. San Áis, saothraítear iad ar bhonn tráchtála i gcomhair beathaithe daoine agus ainmhithe. Scrúdaítear go mion iad Is ábhair scrúdaithe iad sa zó-eolaíocht, toisc go léiríonn siad bunús na gcordach.

Leagan amach fisiceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fásann na Cephalochordata chomh fada le cúig cheintiméadar, ach is féidir leo ocht gceintiméadar a shroichint. Cosúil le na cordaigh, tá trí thréith thábhachtacha acu, néarfheadán droma, scoilteanna geolbhaigh agus eireaball iaranasach. Chomh maith le sin, tá cosúlacht eile acu, matáin cóirithe i mbloic dá ngairtear mióimírí.

Íomhá Eochair eolais
  1. clog, cosúil le inchinn
  2. nótacorda
  3. néarfheadán droma
  4. eireaball iaranasach
  5. anas
  6. conair an bhia
  7. córas imshruthaithe
  8. aitriphiochán
  9. lacún fhorfharainge
  10. scoilteanna geolbhaigh
  11. faraing
  12. cuasán
  13. ciorrais bhéil
  14. oscailt bhéil
  15. gónaid (ubhagán /magairle)
  16. braiteoir solais
  17. néaróga
  18. metafilleadh pleorach
  19. caochán ae (mála i gcruth ae)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]