Ceolnodaireacht
Bealach nua-aoiseach chun ceol a scríobh amach ar 5 chliath (cliathnodaireacht). Is forbairt í ar an gcóras meánaoiseach i gcomhair caomhnú is craobhscaoileadh aonfhoirmeach na cantaireachta eaglasta. Suas go dtí an 13ú céad léirítí airde nóta ach níor léirítí a fhad. Nuair a tháinig an ilfónacht chun cinn sa Mheánaois dhéanach, bhí gá le nodaireacht a d'fhéadfadh fad a chur in iúl. Tá bealaí eile ann chun ceol a scríobh, ina measc bealaí nodaireachta táibléadaithe ina sainítear an gléas, an cipín méire agus gach rud eile atá le húsáid (mar a dhéantar le ceol giotáir inniu, mar shampla).
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |