Ceirmeacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceirmeacht

Táirgí a fhaightear ó bhácáil cré, a dhéanann ábhair chrua láidre neamhsheoltacha bhriosca theasdíonacha. Bíonn úsáidí teicniúla ag na hábhair seo (mar shampla, scríobaigh, uirlisí gearrtha, líneálacha teasfhulangacha) agus úsáidí maisiúcháin. Tá plaisteacht na cré áisiúil ar dtús, mar is féidir cruthanna de gach saghas a dhéanamh aisti trí mhúnlú, teilgean, guairneáil nó comhbhrú. Úsáidtear an-chuid saghsanna cré, ó chré gharbh le haghaidh brící go dtí cré mhín bhán le haghaidh poircealláin. Is féidir ceirmeachtaí a bhácáil i gcéimeanna. Mar shampla, chun glónrú a tháirgeadh, cuirtear brat cré nó ábhair ghloiniúil ar an earra agus bácáiltear athuair é chun an cheirmeacht a dhéanamh neamhthréscaoilteach (i ndéanamh píobán) nó dathanna maisithe a chur uirthi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceirmeacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 128.