Cathal Óg Mac Maghnusa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Óg Mac Maghnusa
Beathaisnéis
Breith1439 (Féilire Ghréagóra)
Bás1498 (Féilire Ghréagóra)
58/59 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ba staraí agus annálaí Éireannach é Cathal Óg Mac Maghnusa, agus príomhthiomsaitheoir Annála Uladh, in éineacht leis an scríobhaí Ruaidhrí Ó Luinín. (Feabhra 1439 – Márta 1498)

Bhí sé ina cheann feadhna ar chlann Mhic Mhaghnusa ó 1488 go 1498 freisin.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cathal ar Sheanadh Mhic Mhaghnusa, oileán i Loch Éirne, ar a dtugtaí Belleisle nó Baile Mhic Mhaghnusa. Ba é an mac ba shine é ag Cathal Óg, ar a dtugtar Cathal Meadhónach, mac Chathail Mhóir. Ba í Gráinne, iníon le Tomás Óg Mág Uidhir, tiarna Fhear Manach (1430 -71) a mháthair. Bhí an teaghlach ina ghéag de phríomhtheaghlach Fhear Manach, Clann Mhig Uidhir. Rinne Cathal staidéar ar an dlí in Ard Mhacha agus b'fhéidir gur bhunaigh sé scoil dlí i Seanadh Farracháin ina dhiaidh sin. Bhí eolas gan sárú aige ar an nGaeilge agus ar an traidisiún Gaelach. Rinne Cathal staidéar ar an dlí in Ard Mhacha agus b'fhéidir gur bhunaigh sé scoil dlí i Seanadh Mhic Mhaghnusa ina dhiaidh sin. Bhí eolas gan sárú aige ar an nGaeilge agus ar an traidisiún Gaelach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Lee, Sidney, ed. (1893). "Maguire, Cathal Macmaghnusa" . Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta (in Béarla). Vol. 35. London: Smith, Elder & Co.
  • Cathal Óg Mac Maghnusa and the Annals of Ulster, by Aubrey Gwynn, in Clougher Record, 2/2 (1958) pp. 230–43 and 2/3 (1959), pp. 370–84. Ed. Nollaig Ó Muraíle, Enniskillen, 1998.
  • Cathal Óg Mac Maghnusa: His Time, Life and Legacy, by Nollaig Ó Muraíle, in Clougher Record, pp. 45–64, 1998
  1. Dictionary of Irish Biography