Cathair Niall Ó Dochartaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Nollaig 1942 Doire, Northern Ireland |
| Bás | 14 Feabhra 2015 72 bliana d'aois Glaschú, Scotland |
| Chair of Celtic, Glasgow (en) | |
| 1995 – | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Ollscoil Dhún Éideann |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Teangeolaíocht, foghareolaíocht agus béaloideas |
| Fostóir | Oilthigh Obar Dheathain Ollscoil Ghlaschú |
| Teangacha | Gaeilge na hAlban, Béarla agus an Bhreatnais |
Ollamh emeritus le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú ab ea Cathair Ó Dochartaigh, ar a a dtabharfaí a chomhghleacaithe Cathal air. Rugadh i nDoire é ar an 4 Nollaig 1942 agus fuair sé bás ar an 14 Feabhra, 2015 i nGlaschú.
Ag 3 bliana d’aois bhog a theaghlach go Béal Feirste, áit ar fhreastail Cathair ar St Joseph's Elementary Public School (1947-53) agus ar St Malachy’s College (Coláiste Naomh Maolmhaodhóg), Béal Feirste (1953-60) sula ndeachaigh sé isteach in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i 1960, agus bhain sé Baitsiléir Ealaíon (BA) amach san Léann Ceilteach i mí Iúil 1965. Ghlac sé saoire staidéir bliana i 1963-64 chun Gaeilge na hAlban agus an Bhreatnais a fhoghlaim, agus chaith sé ceithre mhí in Uibhist a Deas, Eilean Bharraigh agus Èirisgeigh, áiteanna ar bhailigh sé ábhar béaloidis agus canúna (ag obair i mbeár an óstáin in Èirisgeigh freisin), agus roinnt míonna in Aberystwyth.