Cath Thermopylae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Leonidas at Thermopylae, le Jacques-Louis David (1814)

Cath cáiliúil an tseansaoil é Cath Thermopylae a tharla sa bhliain 480 R.C. Sheas na Spartaigh an fód in aghaidh 250,000 Peirseach i mBearnas Thermopylae ar feadh dhá lá. Sa deireadh bhí 300 laoch ón Sparta timpeallaithe ag na Peirsigh ach lean na Spartaigh ar aghaidh ag troid go dtí an fear deireanach. Chuir an éacht seo go mór le cáil na Spartach.