Cath Riade

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Riade
cuid d' ionradh na Maigiarach ar an Eoraip
Cath Riade

Anraí I ag troid i gcoinne na Maigiarach,
Sächsische Weltchronik, c. 1270

Dáta: 15 Márta 933
Áit: Lár na Gearmáine, suíomh cruinn anaithnid
Toradh: Bua na Gearmáine
Céilí comhraic
Arm na Fraince Thoir (Ríocht na Gearmáine) Arm Dhiúcacht na hUngáire
Ceannasaithe
Anraí I Bulcsú
Slua
anaithnid anaithnid
Taismigh
anaithnid anaithnid

Troideadh Cath RiadeCath Merseburg idir trúpaí na Fraince Thoir faoin Rí Anraí I agus na Maigiaraigh ag suíomh neamhaitheanta i dtuaisceart Thuringia cois na habhainn Unstrut an 15 Márta 933 . Cuireadh tús leis an gcath nuair a chinn an Sionad Erfurt stop a chur le hómós bliantúil a thabhairt do na Maigiaraigh sa bhliain 932.

Roimh an gCath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Maigiaraigh (Ungáraigh), fánaithe Eoráiseacha a bhí ar dtús i seirbhís faoin Impire Arnulf, i mbun feachtais tar éis a bháis sa bhliain 899 i Ríocht na hIodáile agus an Fhrainc Thoir (Gaeilge:Francia orientalis). Sa bhliain 906 d'ionsaigh siad an Mhoráiv Mhór agus bliain ina dhiaidh sin scrios siad arm Bavárach faoi Margrave Luitpold ag Cath Pressburg .

Sa bhliain 924 rinne arm Maigiarach ionradh ar dhiúcacht Ghearmánach na Sacsaine agus bhain siad an bua amach ar an Rí Anraí I, sa bhlár chatha, ach thug prionsa na nÁrpad - Zoltán is dócha - a gabhadh in aice le Pfalz Werla cead d'Anraí idirbheartaíocht a dhéanamh ar théarmaí. Sa bhliain 926, fógraíodh sos cogaidh naoi mbliana, ina raibh ar na Gearmánaigh cíos bliantúil a íoc.[1] Le linn an tsosa, d'atheagraigh Anraí cóir chosanta a dhiúcacht Shacsanach agus chuir sé Slavaigh na Polainne faoi chois san oirthear. Ag tionól sa bhliain 926, chinntigh Anraí tógáil caisleán nua agus chuir sé i bhfeidhm cineál nua diúité garastúin: eagraíodh na saighdiúir i ngrúpaí de naonúr agrarii míle (feirmeoirí-saighdiúirí), dualgas garda ag duine amháin acu ag aon am ar leith, fad is a bhí na hochtar ag obair sna páirceanna.[1] In aimsir an ionraidh, d'fhéadfadh na naonúr dul ar na caisleáin.

An tArdrí Anraí I agus toscairí na hUngáire, léiriú ón 19ú haois

Tar éis dó a chreidiúint go raibh na leasuithe riachtanacha déanta, fuair Anraí tacaíocht na heaglaise chun éirí as cíosanna ómóis a íoc sa bhliain 932. Líomhnaítear gur caitheadh madra marbh anuas os comhair idirbheartaithe na Maigiarach, arbh ionann é agus dearbhú cogaidh.

Cath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar ullmhúchán don fheachtas, thoibhigh Anraí meithleacha gléasta ar chapaill ó gach réigiún agus diúcacht threabhach de ríocht na Gearmáine, cé nár scríobh ach an croiniceoir amháín, sé sin an Francach Flodoard de Reims taifead ar láithreacht na Baváire.[2][3] Chuir an croiniceoir Widukind von Corvey síos ar an mheitheal Túraingeach, cé gur marcaigh iad is dócha, mar inermes, nó neamharmtha (cé nach dócha go raibh siad ach armtha go dona). Cuireadh síos ar a mharcaigh Shasanacha mar ghaiscígh armtha (miles armatus ), ach "ní fhéadfadh sé muinín a chur in a mharcaigh, mar bhí easpa scileanna áirithe acu agus ní raibh a ndóthain acu feistithe mar miles armatus ." [4],

Feachtais na Maigiarach san Eoraip, 933 CR

Bhí baile anaithnid faoi léigear ag na Maigiaraigh, ach rinne siad iarracht tarraingt siar san oíche mar go raibh Anraí agus a arm ag campáil sa chomharsanacht ag Riade. Chuir Anraí meitheal beag de shaighdiúirí coise ar aghaidh le cúpla marcach mar sciath dá phríomh-arm.[5] D'fhoghlaim an rí cad ba cheart a bheith ag súil leis ó na streachailtí roimhe seo, áit ar thug luas tapaigh marcra éadrom na Maigiarach agus na boghdóirí rath orthu. Chomh luath agus a d'ionsaigh na Maigiaraigh é, thug sé aghaidh orthu i dtosach le comhraiceoirí armúrtha éadroma, agus le hionsaí marcshlua ollmhór ina dhiaidh sin. De réir Widukind von Corvey, theith fórsaí na Maigiarach go fonnmhar ar theacht marcra Anraí agus d'fhógair trúpaí buaiteacha Gearmánacha Anraí ina impire ar an bhlár catha.[2]

Iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

I saolré Anraí ní raibh de mhisneach ag na Maigiaraigh ruathar eile a dhéanamh ar an Fhrainc Thoir. Sa bhliain 954 rinne siad ionradh arís ar an nGearmáin le linn éirí amach a thionscain Diúc Liudolf na Suáibe agus ar deireadh bhuail mac Anraí agus comharba an Rí Otto I iad ag Cath Lechfeld.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Reuter, 143.
  2. 2.0 2.1 Reuter, 142.
  3. Bernhardt, 16.
  4. Leyser, 5-6. Leyser further notes that historians are unsure if these horsemen were free knights or unfree ministeriales.
  5. Santosuosso, 149–50.