Cath Phwll Melyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cath Phwll Melyn
Dáta: An t-earrach 1405
Toradh: Bua na Sasanach
Céilí comhraic
Breatnaigh Glyndwr's Banner.svg Sasana Flag of England.svg
Ceannasaithe
Gruffudd ab Owain Glyndŵr Richard de Grey, 1ú Barún Grey de Codnor
Slua
? ?
Taismigh
Básanna 1500
Básanna Íseal

Cath Phwll Melyn, ar a dtugtar an Cath Usk, mar chuid de Chogadh Breatnach ar son na saoirse i gcoinne riail Shasana agus mhair sé ar aghaidh ón bhliain 1400 gp dtí 1415. Troideadh an cath an-tábhachtach seo le linn Éirí Amach Owain Glyndŵr in earrach na bliana 1405. Treascraíodh na reibiliúnaithe Breatnacha agus cailleadh ceannairí agus fir tábhachtacha. Tugann croinic chomhaimseartha le fios go raibh sléacht déanta ar na Breatnaigh agus "Ba anois a thosaigh ar an taoide dul i gcoinne Owain agus a chuid fear."

Dátú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt éiginnteachta ann faoi dáta an chatha agus a seasamh maidir le cath eile i dTeyrnas Gwent ag Y Grysmwnt. Mar sin féin, creideann RR Davies go raibh Cath y Grysmwnt i mí na Márta agus Cath Phwll Melyn i mí na Bealtaine.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an bhriste ag Cath y Grysmwnt dealraíonn sé go raibh na reibiliúnaithe Breatnacha ag iarraidh móiminteam a bhaint amach in athuair i limistéar Gwent Thuaidh. Dealraíonn sé gur thosnaigh an cath ar dtús le hionsaí sciobth scinneadach ag fórsaí na mBreatnach, faoi stiúir an mac ba shine d'Owain, sé sin Gruffudd ab Owain Glyndŵr, i gcoinne Chaisleán Usk . Ruaig fórsaí an chaisleáin an ionsaí agus theith na Breatnaigh agus trúpaí an gharastúin faoi stiúir Richard de Grey, 1ú Barún Grey de Codnor, an Tiarna John Greyndour, Dafydd ap Llewelyn ap Hywel (nó Dafydd Gam) agus an Tiarna John Oldcastle de Herefordshire - fórsa an-suntasach, sa tóir orthu. Chuaigh cúlú na mBreatnch thar an abhainn inátha an 'Afon Wysg' (Béarla: Usk) agus isteach san fhoraois 'Coed y Mynach' (Béarla: Monkswood), Sir Fynwy (Béarla: Monmouthshire) i dtreo Mynydd Pwll Melyn (Gaeilge: Cnoc na Linn Buí. Tugann tuairisc comhaimseartha Adda o Frynbuga (Béarla: Adam of Usk) pictiúr beoga de na hionsaithe ar chúlú na mBreatnach: mharaigh siad a lán díobh le tine agus le faobhar an chlaímh go leor acu, ach thar gach uile ní an tAb ar Llanddewi (Béarla: Llanthony), agus bhrúigh siad iad gan scor, ag tiomáint iad trí choill na manach, áit ar gabhadh Gruffudd ab Owain. Dar leis an chroiniceoir Albanach 'Walter Bower', d'imir Dafydd Gam, a bhí in aghaidh an éirí amach, agus ina Bhreatnach ó dhúchas as Aberhonddu (Béarla: Brecon) agus seilbh a bheith aige ag Llandeilo Gresynni, Sir Fynwy, páirt shuntasach i mbua na Sasanach.