Cath Gairbheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Gairbheach
Cath Gairbheach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta24 Iúil 1411 (Féilire Ghréagóra)
Comhordanáidí57°18′29″N 2°24′43″W / 57.308055555556°N 2.4119444444444°W / 57.308055555556; -2.4119444444444
ÁitInbhir Uaraidh
TírRíocht na hAlban

Troideadh Cath Gairbheach ar an 24 Iúil 1411 díreach ó thuaidh ó hInbhir Uraidh i Siorrachd Obar Dheathain. Cath mór a bhí ann, idir Rìoghachd nan Eilean (ga: Ríocht na nOileán) faoi cheannas Dómhnall Rígh nan Eilean agus Moraireachd na Ros faoi cheannas Alasdair mac Alasdair Stiùbhart Mórmhaor na Màrr, agus b'é an Cuilean Curta freisin é. Bhí an cath ar cheann de shraith cathanna a troideadh sa Mheánaois idir barúin oirthuaisceart na hAlban i gcoinne na mbarúin ón gcósta thiar.

Troideadh an cath chun éilimh iomaíocha ar Moraireachd na Ros, (ga:Iarlacht na Ros) réigiún mór i dtuaisceart na hAlban, a réiteach. Bhí Raibeart Stiùbhart, Diúc Alba, Leasrí na hAlban, tar éis smacht a ghlacadh ar an Iarlacht de réir cosúlachta mar chaomhnóir ar a neacht Euphemia Leslie, ach i bhfírinne, cé go raibh an t-éileamh níos fearr ag Dómhnall, theastaigh Raibeart Moraireachd na Ros dá mhac níos óige, Eòin. Bhí Dómhnall, Rígh nan Eilean, tar éis aintín Euphemia Mariota a phósadh. Rinne Dómhnall ionradh ar Ros agus é ar intinn aige an mhoraireachd a ghabháil le forneart agus cosc a chur ar Raibeart í a ghlacadh.

Ar an gcéad dul síos, bhuail Dómhnall ar fhórsa mór Chlann Mhic Aoidh ag Cath Inbhir Pheofharain. Ghabh sé Caisleán Inbhir Pheofharain, cuireadh é ar garastún, agus ansin chuaigh sé chun tosaigh i dtreo Obar Dheathain le 10,000 finíoch. In aice le hInbhir Uraidh bhuail sé ag 1,000 -2,000 d' uaisle áitiúla, go leor i gcathéide, a bhí cruinnithe go gasta le chéile ag Mormaer na Màrr.