Carachtair Shínise shimplithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaCarachtair Shínise shimplithe
Cineálcóras scríbhneoireachta logagrafach, script nádúrtha agus aibítir aoncháis
TeangachaAn tSínis agus Simplified Chinese (en) Aistrigh
Cruthú1950í
BunúsDaon-Phoblacht na Síne
Bunaithe artraditional Chinese characters (en) Aistrigh
ISO 15924Hans (501)
Treo téacsclé go deas

Is éard is carachtair Shínise shimplithe (An tSínis: 简化字; jiǎnhuàzì) ann ná carachtair Shínise  chaighdeánaithe, fhorordaithe sa Tábla Ginearálta de Charachtair Shínise Chaighdeánacha (PinyinTōngyòng Guīfàn Hànzì Biǎo)), le húsáid ar mhórthír na tSíne. Chomh maith leis na carachtair Shínise thraidisiúnta, ceann den dá sraith de charachtar caighdeánach is ea iad de leagan comhaimseartha na Sínise scríofa. Chuir rialtas  Dhaon-Phoblacht na Síne ar mhórthíra na tSíne iad chun cinn le haghaidh úsáide i bpriontáil ó na 1950í agus sna 1960í chun na litearthachta a spreagadh .[1] Úsáidtear iad go hoifigiúil i nDaon-Phoblacht na Síne agus Singeapór.

"Carachtar Sínise" scríofa le carachtair shimplithe
"Carachtar Sínise" scríofa le carachtair thraidisiúnta

Úsáidtear carachtair Shínise thraidisiúnta faoi láthair i Hong Cong, Macao, agus i bPoblacht na Síne (Taiwan). Cé gur féidir carachtair thraidisiúnta a bheith léite agus a bheith intuigthe go fóill ag go leor daoine ar mhórthír na Síne agus ag pobal na Síne i Mhalaeisia agus Singeapór, go ginearálta, baineann na grúpaí seo úsáid as na carachtair shimplithe. Go hiondúil, baineann na Sínigh ar an gcoigríoch úsáid as carachtair thraidisiúnta.

Nótaí agus tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 教育部就《汉字简化方案》等发布 50 周年答记者提问 Semi-centennial celebration of the publication of Chinese Character Simplification Plan and official press conference.